Tá achainí déanta ag Oifigigh Pleanála Teanga ar Airí na Gaeltachta a dhéanamh cinnte go mbeidh seirbhísí i nGaeilge ar fáil ón stát ag pobal na Gaeltachta.
Tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre ag éileamh go gcuirfear foráil dhíreach sa Bhille Teanga a chinnteodh go mbeadh teacht ag muintir na Gaeltachta ar sheirbhísí ón stát ina dteanga féin.
I bhfíseán nua atá eisithe acu, déantar achainí ar Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, “deis chinniúnach” a thapú agus Bille Teanga ag dul trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire.
Maítear gur “ceart bunúsach” atá á iarraidh agus go bhfuil neamhaird déanta ag an stát ar an gceart sin le céad bliain anuas.
“Tá sé de cheart ag muintir na Gaeltachta plé leis an Stát i bpríomhtheanga an Stáit. Faraor, níl an Stát tar éis an dualgas san a aithint ná a fhíorú sa Ghaeltacht riamh. Moladh go mbeadh seirbhísí Stáit as Gaeilge sa Ghaeltacht ag Coimisiún na Gaeltachta, 2002 agus ag Coimisiún na Gaeltachta, 1926.
“100 bliain ag fanacht leis an Stát, agus gach aon taighde, saineolas, agus moltaí curtha faoina mbráid,” a deirtear sa fhíseán.
Tá an Coimisinéir Teanga, polaiteoirí an fhreasúra, Conradh na Gaeilge, eagraíochtaí pobail agus saineolaithe teanga ag éileamh go gcuirfí foráil dhíreach sa bhille teanga a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.
Meastar gur ceann de na laigí is mó atá ar an mbille nua nach bhfuil foráil dhíreach ann a chinnteodh go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Bhí an cheist ina cnámh spairne nuair a chas Oifigigh Pleanála Teanga leis an Aire Stáit Chambers níos luaithe i mbliana chun an cheist sin agus an bille teanga a phlé.
Tuigtear go bhfuil Roinn na Gaeltachta buartha go gcruthódh a leithéid d’fhoráil fadhbanna móra i dtaobh cearta oibrithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin ach nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Dar le lucht na Roinne, chaithfí fáil amach ar dtús cén líon oibrithe stáit atá ag obair sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu agus cén fhad atá fágtha ag na daoine sin ina bpostanna.
Mar sin féin, deir na hOifigigh Pleanála Teanga go bhfuil tacaíocht an stáit “riachtanach” má táthar dáiríre faoina chinntiú go maireann an Ghaeilge beo mar theanga phobail.
“Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar na mallaibh “is beag is fiú bheith ag plé le pleanáil teanga mura bhfuil an Stát sásta a chion féin a dhéanamh chun a chuid seirbhísí féin a chur ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht”.
“Is gá Bille Teanga láidir, fiúntach agus ciallmhar a achtú, le cothrom na Féinne a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta fá dheireadh ina dtír féin.”
Tá an Bille Teanga fós ag imeacht trí Thithe an Oireachtais agus tháinig Céim an Choiste chun deiridh an mhí seo caite.
Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfadh sé moltaí dá chuid féin i leith os cionn dhá scór leasú roimh an gcéad chéim eile ach dhiúltaigh sé do leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.
Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, ach go raibh imní air go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos anois.