Tá súil ag Údarás na Gaeltachta breis is 1,500 post lánaimseartha nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025.
Deirtear i straitéis nua Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí dá chuid i gceann cúig bliana.
Deirtear i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025, a seoladh inniu, gur “Pobail rathúla Ghaeltachta a fhorbairt, ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide, an príomhchuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta”.
Deir Údarás na Gaeltachta gur “tréimhse chinniúnach” í seo don Ghaeltacht agus gur “ábhar machnaimh” a bhí i dtorthaí Dhaonáireamh 2016 i leith na teanga. Léirigh na torthaí sin gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2016.
Ardú 15% ar líon na bpostanna a dtacaíonn an tÚdarás leo a bheadh i gceist má éiríonn leo a sprioc fostaíochta – 9,000 – a bhaint amach roimh dheireadh 2025.
D’fhág paindéim an Covid-19 gur tháinig laghdú ar líon na bpostanna sna ceantair Ghaeltachta. Bhí 7,363 duine fostaithe go lánaimseartha sa Ghaeltacht in 2020 ag comhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, i gcomparáid le 7,844 in 2019.
Ceann de na bealaí a luaitear sa phlean nua chun daoine a mhealladh chun na Gaeltachta ná béim a chur ar an gcianobair nó an obair ón mbaile.
Táthar ag súil go mbainfidh tuilleadh comhlachtaí úsáid as na hionaid gteic atá bunaithe ag an Údarás.
Deirtear freisin go gcuirfear feachtas margaíochta ar bun chun na buntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí sa Ghaeltacht a léiriú agus go gcruthófar gréasán áiseanna fóillíochta, bunaithe ar acmhainní nádúrtha, chun daoine a mhealladh. Forbrófar chomh maith coincheap “na Gaeltachta Glais” a chuirfidh béim ar “inmharthanacht agus inbhuanaitheacht” phobal na Gaeltachta.
Díreofar ar an ‘nGaeltacht Ghlas’ agus an ‘Eacnamaíocht Ghorm’ mar dhá réimse ina bhféadfaí fiontraithe a mhealladh agus fostaíocht a chruthú.
Deirtear go bhfuil sé i gceist tús a chur le pleanáil d’ionad seirbhísí don tionscal fuinnimh in-athnuaite. Bheadh an t-ionad i Ros an Mhíl i gConamara.
Cuirtear béim freisin ar fhorbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Conamara, atá ar “ar cheann de na hinfheistíochtaí is mó atá beartaithe go dtí seo i mbonneagar na Gaeltachta”..
Maidir leis an bpleanáil teanga, deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar phríomhsprioc acu go mbeadh pleananna teanga á bhfeidhmiú sna 26 limistéar pleanála teanga agus sa trí bhaile seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram faoi dheireadh 2025
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go bhfuil an straitéis nua le cur i bhfeidhm “tráth a bhfuil athrú mór taghta ar an saol”.
Bhí sé mar aidhm ag an Údarás, ar sé, go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo phobail sa Ghaeltacht go mbeadh an áit “tarraingteach le maireachtáil ann” agus “deiseanna fostaíochta den chéad scoth” ar fáil ann.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur plean “uaillmhianach” a bhí i straitéis nua an Údaráis agus gur plean é a rachadh chun tairbhe phobal labhartha na Gaeltachta agus lucht fiontraíochta.
Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, go rabhthas “tiomanta” don sprioc go mbeadh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí na heagraíochta roimh dheireadh 2025.
“Leagann an straitéis seo amach fís do Ghaeltacht bheoga fhorásach, le tograí fadradharcacha a rachaidh chun sochair do shaol eacnamúil, cultúrtha agus sóisialta na Gaeltachta.
“Tá tionchar nach beag ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar na tíre le bliain anuas agus beidh dúshlán mór forbartha againn sna blianta amach romhainn; ach is dúshlán é a rachaimid i ngleic leis, mar a dhéanann i gcónaí, le spiorad agus le díograis.”