Tá tacaíocht tugtha ag an státseirbhíseach is sinsearaí i dTithe na Oireachtais do mholadh go leagfaí síos mar sprioc gur i nGaeilge a bheadh 5% den phlé a dhéantar sa Dáil agus sa Seanad faoin mbliain 2024.
Thacaigh Peter Finnegan, Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais, leis an moladh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge a bhí ar siúl i seomra na Dála inné.
Ball den choiste, an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee a chuir an moladh faoi bhráid státseirbhísigh shinsearacha Thithe na Oireachtais.
Dúirt Cléireach na Dála go mba bhreá leis a leithéid de sprioc a bheith ann agus d’aontaigh sé leis na Seanadóir gur fiúntach an beart é a leithéid a leagan síos.
Tá a dtacaíocht tugtha chomh maith don mholadh ag Seán Ó Fearghail, Ceann Comhairle na Dála, agus Catherine Connolly, an Leas-Cheann Comhairle.
Conradh na Gaeilge a chéad mhol an sprioc go mbeadh 5% de phlé bhaill na Oireachtais i nGaeilge. Rinneadh an moladh ar dtús nuair a léirigh anailís a rinne Tuairisc.ie a laghad Gaeilge a bhíonn á labhairt as Dáil.
Léirigh an taighde sin in 2018 gur ar éigean go mbíonn aon Ghaeilge á labhairt i nDáil Éireann.
Ní raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma Dála a ndearna Tuairisc.ie scagadh air.
0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge, 99.5% i mBéarla – taighde nua
De réir an taighde sin, is ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge as Dáil ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.
Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.
Léirigh taighde den chineál céanna a rinne Cymdeithas yr Iaith Gymraeg sa Bhreatain Bheag le gairid go raibh 12% de dhíospóireachtaí an tionóil i mBreatnais ó thoghchán mhí na Bealtaine 2016. Ciallaíonn sin go bhfuil a 24 oiread Breatnaise á labhairt ag teachtaí thionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála sa Dáil.
Ag cruinniú an lae inné de Choiste Gaeilge na Oireachtais, dúirt Príomh-Aistritheoir Rannóg na Aistriúcháin Vivian Uíbh Eachach go raibh an méid Gaeilge a labhraítear sa dá Theach “an-díomách”. B’fhéidir, a dúirt sé, go raibh “an t-am tagtha” le sprioc a leagan síos.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thacaíocht Sheirbhís Thithe na Oireachtais don mholadh go leagfaí síos mar sprioc é gur i nGaeilge a bheadh 5% den phlé a dhéantar sa Dáil agus sa Seanad faoin mbliain 2024.
Tá an scéal á phlé ag na gConradh le hOifig an Cheann Comhairle agus beidh cruinniú eile acu leo Meán Fómhair.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur gá anois plean a leagan síos faoi conas a bhainfear an sprioc amach.