Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
moramh-ar-son-tacaiocht-rialtais-do-cholaisti-samhraidh

Móramh ar son tacaíocht Rialtais do choláistí samhraidh

Aontaíonn móramh mór den phobal gur chóir don Rialtas córas tacaíochta a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeltachta chun a chinntiú go dtiocfaidh sí slán ó ghéarchéim an Covid-19.

Thug níos mó ná dhá thrian (67%) den phobal ó dheas le fios i bpobalbhreith a rinne an comhlacht margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge gur cheart maoiniú cuí a chur ar fáil do na coláistí samhraidh agus do na grúpaí eile a chinntíonn go mbíonn na cúrsaí Gaeilge ann gach bliain.

Tá an earnáil buailte go dona ag paindéim an Covid-19 agus na cúrsaí samhraidh curtha ar ceal le dhá bhliain anuas de dheasca na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Ní raibh ach 14% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé a cheap nár cheart don Rialtas tacaíocht a chur i bhfeidhm a chinnteodh todhchaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta.

Ba chóir don Rialtas córas tacaíochta a chur ar fáil chun a chinntiú go dtiocfaidh earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeltachta trí ghéarchéim an Covid-19

Nuair a bhaintear na daoine a dúirt nárbh fhios dóibh ar cheart nó nár cheart don stát tacaíocht a chur ar fáil, 83% a bhí ar son cabhair a thabhairt do na Coláistí Samhraidh.

Tá pacáistí cúitimh fógartha ag an Rialtas do mhná tí na Gaeltachta agus do hallaí pobail na Gaeltachta le roinnt seachtainí anuas ach táthar fós ag fanacht ar fhógairt scéime cúitimh do lucht na gcoláistí samhraidh féin.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil “eolas fós á bhailiú” acu maidir leis an “chineál tacaíochta” a d’fhéadfaidís a chur ar fáil ach go bhfuiltear ag súil go mbeidh pacáiste cúitimh le fógairt roimh dheireadh an tsamhraidh.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, bainisteoir abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil na coláistí samhraidh “faoi an-bhrú go deo” agus iad fágtha gan scoláirí le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime.

Ar nós chás na tithíochta sa Ghaeltacht, dúirt sé go raibh sé in am ag an Rialtas teacht i gcabhair ar phobal na gceantar Gaeltachta chun an Ghaeilge a shlánú.

“Tá gníomhartha diongbháilte anois de dhíth ón Rialtas chun an Ghaeltacht a shlánú ó thaobh tithíochta do phobal na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus leis na coláistí samhraidh a thabhairt slán ó 2022 ar aghaidh. Chabhródh seo le todhchaí na teanga a chinntiú do na glúnta atá le teacht. Anois an t-am leis na gníomhartha sin a dhéanamh.”

Léirigh pobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge freisin go bhfuil beagnach leath den phobal ó dheas den tuairim gur chóir go mbeadh tacaíocht ar fháil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge.

D’aontaigh 48% gur chóir go mbeadh tacaíocht ar nós tacaíochtaí airgeadais, oideachais nó seirbhísí sláinte ann dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid gasúr a thógáil le Gaeilge.

25% a dúirt nár aontaigh siad gur chóir a leithéid de thacaíocht a chur ar fáil agus 26% a dúirt nárbh fhios dóibh nó a bhí gan tuairim.

Laghdú beag a bhí sa 48% a d’aontaigh gur chóir tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh a bhí ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge ó cuireadh an cheist chéanna in 2019. 53% a dúirt ag an am gur aontaigh siad le tacaíocht den chineál sin, cé go bhfuil rabhadh tugtha ag Kantar nach féidir comparáid dhílis a dhéanamh idir torthaí na bliana seo agus cinn bhlianta eile de bharr gur athraíodh modheolaíocht na pobalbhreithe i mbliana de dheasca na paindéime.

Ba chóir go mbeadh tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge, amhail tacaíocht airgeadais, oideachais nó seirbhísí sláinte

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Rinneadh roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Níos mó