Tá 1,292 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
331 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 335 inné, agus bhí 54 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 56 a bhí i gceist inné.
De réir na tuarascála is déanaí ón Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC), bhí 126 ráig nua den víreas sa stát an tseachtain seo caite. Tharla 12 acusan i scoileanna, 11 a bhí i mbunscoileanna agus bhí ráig in iarbhunscoil amháin. Tharla 22 ráig eile in ionaid chúram leanaí.
Dúirt an HSE inniu gur idir 10,000-12,000 gasúr atá ag fanacht sa bhaile ón scoil mar gheall go raibh gartheagmháil acu le duine a raibh Covid-19 air. Leasú a bhí i gceist ar an bhfigiúir 16,000 a tuairiscíodh i rith na seachtaine.
1,831 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ochtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,438 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
472 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (453 a bhí i gceist inné) agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim (44 a bhí i gceist inné freisin). Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,294,896 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,184,987 duine.