Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ceannaigh-sa-ghaeltacht:-bronntanais-nollag-o-chorca-dhuibhne

Ceannaigh sa Ghaeltacht: Bronntanais Nollag ó Chorca Dhuibhne

| Slaine Ni Chathallain | ,

Le coinnle na n-aingeal, tá an spéir amuigh a’ breacadh’

Cé a cheapfadh é? Tá an Nollaig buailte linn arís, agus d’éinne go bhfuil eagla amach orthu agus cúrsaí an víris ag dul in olcas arís, ní baol daoibh, mar is féidir formhór na mbronntanas atá pioctha amach agamsa ó Chorca Dhuibhne i mbliana, a sheoladh sa phost! An bhfuil tú ullamh? Is iad seo mo rogha i mbliana.

Sceana agus foirc óir

Bhí ana-ana-thóir ar fad ar choinnle La Bougie ó The Coach House sa Daingean anuraidh, ach i mbliana, tá bronntanas eile aimsithe agam ó teach céanna, sin bronntanas a bheadh oiriúnach d’éinne atá tar éis bogadh isteach i dtig nua, nó ar tí(!) san a dhéanamh. Tá ceithre spúnóg bheaga, ceithre cinn mhóra, ceithre scian agus ceithre fhorc sa bhosca seo agus is féidir iad a ní san inneall nite gréithre. €70 an costas. Bronntanas ana-áisiúil, ach má tá an té a bhfuil tú chun an bronntanas a thabhairt dóibh ar nós cúpla duine go bhfuil aithne agamsa orthu, a chuireann na sceana “maithe” isteach sa tarraiceán ar feadh bliana nó go dtagann an Nollaig, an fiú iad seo a cheannach dóibh? Ceannaigh do dhuine éigin iad, a úsáidfidh iad! Tá na coinnle La Bougie fós ag Gráinne sa Coach House agus ana thóir i mbliana ar an mboladh “Cider & Tonka Bean”. €25 atáid siúd i gcónaí.

Fallaingí Farraige Fran

Tá galar an tsnámha tolgtha ag mórán le bliain nó dhó, agus nach úsáideach a bheadh sé, don té sin i do shaol, fallaing farraige lámhdhéanta i gCorca Dhuibhne a bheith acu chun iad féin a théamh suas tar éis dóibh a bheith sa tsáile? Éinne a léigh an t-alt faoi Fhallaingí Farraige Fran, gheobhaidh sibh breis eolais ann, ach is féidir ordú a chur isteach le Fran, agus déanfaidh sí fallaing faiseanta duit, de do rogha dathanna agus dearadh. Úsáideann Fran seanathuáillí chun na gúnaí gleoite a dhéanamh, agus píosaí plaisteacha agus eile a bhailíonn sí le linn di féin a bheith ag snámh ar na tránna i mBaile na nGall. Tagann siad i mbeart álainn leis. Dhein sí ceann le déanaí d’fhear atá ana-thógtha le foireann caide Áth Cliath. Fágfaimid san mar atá sé go fóill! 

Ar fáil anseo,€150 atá na cinn do dhaoine fásta, €95 do leanaí, agus leathchéad do bhunóicíní

Leabhairín gleoite

An bhfuil iníon nó mac dearthár nó deirféar duit ag cruthú deacrachtaí ó thaobh bronntanais de mar tá “gach aon ní acu”? Bhuel, cuirfead geall libh, ná fuil an leabhairín aoibhinn seo, The Dog from Dingle who lost his bark acu! €15, sin a bhfuil air, agus na pictiúir tarraingte den ngaidhrín, atá dealraitheach leis an mbrocaire rua, go háitiúil ag na healaíontóirí Martine Moriarty agus Mark Stratton. Cailleann an madra a screabh, agus bíonn sé sa tóir air ar fuaid leithinis Chorca Dhuibhne. Go deimhin, tá pictiúir ann atá go hálainn don nduine fásta leis. An cuimhin libh an leabhar The Sleeping Giant? Bhuel, dar liomsa, gurb é The Dog from Dingle who lost his barkThe Sleeping Giant ár linne, agus go mbeidh sé ar sheilf leabhar gach uile linbh sa tír faoi cheann cúpla bliain! Tá mórán eile ábhair bronntanais ar shuíomh idirlín Martine Moriarty.

Féilire ó Chorca Dhuibhne

Bhí gach uile dhuine agaibh i gCorca Dhuibhne le bliain anuas. Bhí an chuma san air ó na meáin shóisialta pé scéal é, agus cinnte thógabhair pictiúir aoibhne, ach ní féidir buachtaint ar an bpictiúir proifisiúnta! Ní gá dul níos faide ná féilirí an ghrianghrafadóra Florian Walsh ón nDaingean. Táid le fáil anseo.

€20 atá ar Fhéilire 2022. Tá an fharraige, na tonnta, agus na cinn tíre sainiúla ar an leithinis go mór sa treis sa bhféilire, agus ní nach ionadh, mar gur fear mór rothaíochta agus tonnmharcaíochta é Florian Walsh. Dhéanfadh seo bronntanas ana-dheas do mhac nó iníon duit atá buailte fúthu sna tíortha i gcéin. Go deimhin, is i gcéin a thógadh athair críonna Florian mórán dá chuid pictiúr agus é as baile, rud a spreag Florian féin chun grianghrafadóireachta mar go dtugadh a athair críonna a chuid seanacheamaraí dó nuair a bhíodh ceann nua ceannaithe aige.

Salann ó Chiarraí Thiar

Ar m’anam, ach gurb é seo an salann is deise dá mblaiseasa riamh. Tá sé á dhéanamh i mBaile an Fheirtéaraigh ag Brian agus Marie Farrell, ag baint úsáide as salann a bhailíonn siad i gCuas na nEighe. Is ansan atá an salann is fearr, a dúirt Brian liom. Éist leis seo, is potaire í Marie agus tá babhlín terracotta cruthaithe aice don salann, chun go gcoimeádfaí tirim é, toisc go súnn salann, uisce go nádúrtha. Mar sin, is féidir ciseáinín ina bhfuil an salann agus an babhla a cheannach anois. Tá rogha de trí cinn de chrúscaí salainn ar fáil leis, ar €17, ina bhfuil blas ar leith de líomóidí orgánacha agus maróis ar cheann acu, agus blas umami ar cheann eile, an t-aon cheann in Éirinn, go bhfios do West of Dingle Sea Salt. Cuirfear do chrúsca salainn sa phost chugat, ar fud na cruinne ach caithfear an t-ordú a dhéanamh trí Instagram @westofdingle (Samhlaigh ar an dturcaí Lá Nollag é! Nach í Mamaí a bheadh buíoch.)

Bosca mezze ó Cáis

Má tá dream chugat Oíche Nollag, nó Lá an Dreoilín, (tá dhá Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne i mbliana) déanfaidh seo iad le n-ithe, ní gá an tranglam ar fad a tharraingt ort féin. Tá na boscaí cáise seo, ina bhfuil i bhfad Éireann níos mó ná cáis, curtha le chéile ag Sinéad agus Ann ón gcomhlacht Cáis agus táid curtha le chéile chomh haoibhinn acu. Tá ana-líonadh iontu leis, agus tá a fhios agat féin, um Nollaig, bímid de shíor ag piocadh agus ní stopfaidh tú ag piocadh ón mbosca blasta seo. Tá dhá rogha agat, bosca a dhéanfadh idir beirt is ceathrar ar €45 nó ceann a líonfadh bolg seisir nó ochtair, ar €65. Tá orduithe á dtógaint anois ag na gearrchaillí, agus is féidir leo iad a chur go dtí daoine, ar do shon, mar bhronntanas! Dein teagmháil leo trí ríomhphost a chur go dtí caisindingle@gmail.com

Cuairt ar an mBlascaod Mór

Is féidir fanacht i dtithe ana-chompordacha ar fad ar fad ar an mBlascaod mór anois, a bhuí le Billy O’Connor agus a pháirtí Alice ón nDaingean agus a ngnó www.greatblasketisland.net. Is féidir dearbhán a cheannach ar an suíomh don dturas bád amháin, a scaoilfidh amach tú ag Cé an Oileáin ar maidin, agus tabharfar ar ais go Cé an Daingin nó Cé Dhún Chaoin tú arís tráthnóna, nó ceann éigin, is féidir dearbhán a cheannach a thabharfaidh oíche nó dhó ar an oileán duit. Samhlaigh dúiseacht i seanathig Pheig Sayers, an leathdhoras a oscailt, agus gan faic le clos agat ach glór na n-éan is na rónta. Níl aon chumhacht aibhléise ar an oileán, is é sin lár do leasa. Níl aon taithí eile ar domhan mar é, agus ná cáin é go bhfuil sé triailte agat. Tá spás do sheachtar i ngach tig, agus tarrac ar chúitseanna móra compordacha, leithreas, cith, sorn, agus mórán áiseanna eile sna tithe céanna. D’éinne a bheidh ag teacht go Corca Dhuibhne idir Aibreán agus mí Mheán Fómhair seo chugainn, is é seo an bronntanas Nollag dóibh.

Féiríní Dingle Druid

Agus mé i mbun taighde ar ábhar Dingle Druid, nó Julí Ní Mhaoileoin, dúirt sí liom conas gallúnach a úsáid i gceart. Deinim amach go bhfuil 99% againn dár ní féin mícheart. Nímid an gallúnach, seachas an gallúnach a chur ar ár gcorp le blúirín uisce. Ba cheart an gallúnach a chuimilt ar fud an choirp sa chith ar feadh tamaillín le braoinín beag uisce. Tá ím shea, ola olóige agus ábhar nádúrtha eile sa ghallúnach a dheineann Julí agus deir sí, toisc go maisímid an corp sa chith leis an ngallúnach, gur geall le moisturising é sin agus dá bhrí sin, ná gá dúinn aon mhoisturiser a úsáid i ndiaidh an cheatha! Ha now! Déanfaidh Julí ciseáinín aoibhinn le coinneal lámhdhéanta go bhfuil boladh na Nollag uaidh, na gallúnacha aoibhne seo, agus salann don bhfolcadh. Molann Julí an salann a úsáid i bhfolcadh coise leis, mar go súnn an salann an t-ábhar tocsaineach ón gcorp, tríos na cosa. Beidh tú i do dhuine nua tar éis aire a thabhairt duit féin le táirgí Julí. D’oirfidís seo go mór do dhaoine atá breoite, nó go raibh drochbhliain acu ó thaobh na sláinte.

Sin é mo chuid i mbliana. Tá súil agam go gcífidh sibh rud éigin sa liosta seo, do dhuine éigin ar bhur n-aithne agus go mbeidh blaiseadh do Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh i do thigse an Nollaig seo.

“Luífidh mac Dé, ins an tig seo anocht”.

Níos mó