Tá cinneadh déanta ag an Rialtas athrú a dhéanamh ar an riachtanas teanga don Gharda Síochána.
Fágann an cinneadh nach mbeidh ag teastáil feasta chun a bheith i do Gharda ach teanga amháin.
Roimhe seo chaithfeadh duine a bhí ag iarraidh a bheith ina Gharda dhá theanga a bheith aige agus chaithfeadh Béarla nó Gaeilge a bheith ar cheann den dá theanga sin.
Go dtí an bhliain 2005 bhí ar dhuine a bhí ag iarraidh dul isteach sna Gardaí Gaeilge a bheith aige nó aici. As seo amach ní bheidh ar dhuine ach teanga amháin a bheith aige chun go mbeadh sé nó sí cáilithe do na Gardaí.
Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt go bhfágfadh an t-athrú ar na rialacha nach mbeadh daoine nár rugadh in Éirinn iad agus nach raibh “aon taithí” acu ar an nGaeilge faoi aon “mhíbhuntáiste” a thuilleadh. Dúradh go raibh an riachtanas dhá theanga a bheith ag duine ina “bhac” roimh earcú daoine ó chúlraí éagsúla.
Tá an Garda Síochána ag súil go meallfaidh an cinneadh faoi chúrsaí teanga Éireannaigh de bhunadh na hAfraice agus daoine den lucht siúil chun cur isteach ar phost mar Gharda. Dúirt an tAire Dlí Helen McAntee: “Táim ag iarraidh ar dhaoine ós na pobail seo machnamh dáiríre a dhéanamh le linn na Nollag ar chur isteach [ar na Gardaí] sa bhliain nua.”
Rinne an Garda Síochána cinneadh i mbliana fáil réidh leis an dualgas a bhíodh orthu siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge.
Socraíodh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge i ndiaidh cainteanna idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, An Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.
Chuir an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais i mbliana ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain sí leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.
Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa. Tugadh le fios nár thug ach 244 den thart ar 15,000 Garda sa stát le fios go raibh Gaeilge líofa acu nuair a ceistíodh le déanaí iad.
Ghéill sé go raibh sé “neamhghnách” go gcaithfeadh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána cloí leis an dlí teanga.
Dúirt Harris go raibh straitéis nua Gaeilge á forbairt ag na Gardaí agus go raibh coiste nua Gaeilge le bunú a mbeadh sé féin ina chathaoirleach air.