Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
cluichi-spoirt-na-deich-gclar-ba-mho-lucht-feachana-ar-tg4-anuraidh

Cluichí spóirt na deich gclár ba mhó lucht féachana ar TG4 anuraidh

Craoltaí spóirt a bhí sna 10 gclár is mó lucht féachana a craoladh ar TG4 in 2021. 

De réir eolais atá curtha ar fáil ag TG4 do Tuairisc.ie, cluichí sa rugbaí, peil na mban, peil agus iomáint na cláir ba mhó a mheall lucht féachana don stáisiún Gaeilge anuraidh. 

Cluiche ceannais an PRO14 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ar an 27 Márta an clár ba mhó faire in 2021. D’fhéach 545,000 duine ar Rugbaí Beo ag pointe éigin an lá sin agus 229,000 lucht féachana ar an meán a bhí i gceist agus sciar 21.5% den lucht féachana aige ag an am.  

Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo idir an Mhí agus Áth Cliath ar an 5 Meán Fómhair an dara clár is mó ar breathnaíodh air anuraidh. Bhí meánlucht féachana 227,000 aige agus sciar 29.9% ag an gcluiche.  

Cluichí CLG a bhí i gceist leis na hocht gcluiche eile a bhí ar na 10 gclár ba mhó lucht féachana anuraidh. Bhí peileadóirí Átha Cliath ag imirt i dtrí cinn de na cluichí sin agus foirne peile agus iomána na Gaillimhe i dtrí cinn eile agus mheall dhá chluiche de chuid fhoireann iomána Luimnigh lucht féachana mór freisin. 

Méadú tagtha ar lucht féachana TG4 in 2021

Níor a chuirtear craoltaí spóirt as an áireamh, cláir cheoil is mó a mheall lucht féachana do TG4 in 2020. Bhreathnaigh 118,000 duine ar an gclár ceoil agus ómóis, Micheal D @ 80, a rinne ceiliúradh ar bhreithlá an Uachtaráin, Micheál D Ó hUigínn. 

109,000 a d’fhéach ar Seo é Joe Dolan, taifeadadh a rinneadh ar cheolchoirm de chuid an amhránaí ina bhaile dúchais, an Muileann gCearr i 1995. D’fhéach 101,000 duine ar Tommy Fleming, 30 years of Song. 

Ach cúrsaí spóirt agus ceoil a chur as an áireamh, cláir faisnéise ba mhó a raibh suim ag daoine iontu ar TG4. 

 Ba é an clár faisnéise is mó ar breathnaíodh air in 2021 ná Martin McGuinness, clár a rinne scagadh ar shaol agus ar oidhreacht Martin McGuinness. D’fhéach 75,000 duine ar an gclár nuair a craoladh é mí Eanáir 2021. 

Bhí na cláir faisnéise PEIG, Peter O’Toole – Réalta & Rógaire agus Seán Ó Riada – Mo Sheanathair ar liosta na gclár ba mhó lucht féachana ar TG4 in 2021 freisin. 

Bhí dhá eagrán de Nuacht TG4 i measc na gclár ba mhó lucht féachana in 2021 nuair a chuirtear an spórt agus ceol as an áireamh. Bhí an Nuacht ar an aer díreach i ndiaidh GAA Beo ón tSraith Peile Allianz agus meastar go bhféadfadh gurbh in a d’fhág na figiúirí féachana a bheith níos airde an dá lá sin. 

Méadú a tháinig ar fhigiúirí féachana TG4 in 2021.  

Méansciar féachana 1.89% a bhí ag TG4 anuraidh, méadú ó 1.83% in 2020.   

In ainneoin an mhéadaithe sin, áfach, chaill an stáisiún a áit mar an séú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn in 2020 agus sa seachtú háit a bhí sé anuraidh. Ardú mór ar fhigiúirí féachana Virgin Media Three ba chúis leis an ísliú céime agus méadú 56% tagtha ar fhigiúirí an stáisiúin sin idir 2020 agus 2021.  

Maítear gur fhéach 3.6 milliún duine, nó 81% den daonra, ar TG4 am éigin anuraidh.  

Níos mó