![aoife-sa-chistin:-tagliatelle-ur](/wp-content/themes/yootheme/cache/09/51376-aoife-sa-chistin-tagliatelle-ur-096c7c5c.jpeg)
Aoife sa Chistin: Tagliatelle úr
Na comhábhair:
4 ubh
Plúr pasta (00 Tipo)
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/04/IMG_20220403_110558-1024x768.jpg)
Cuir an plúr amach ar chlár adhmaid mór leathan. Dein poll i lár an phlúir ar nós bolcáin. Bris na huibheacha agus caith isteach i lár an phlúir iad. Úsáid forc chun an huibheacha a bhriseadh agus dein iad a mheascadh leis an bplúr.
Ansin, dein an meascán a fhuineadh go ceann 10/15 nóiméad go mbeidh taos deas agat. Clúdaigh an taos le scannán cumhdaithe agus fág sa chuisneoir go ceann 30 nóiméad é.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/04/IMG_20220403_111437-1024x768.jpg)
Dustáil do chlár adhmaid le 1bsp plúr pasta. Úsáid crann fuinte chun an taos a leathnú amach mar bhileog 1mm ar thiús. Gearr suas an taos i sraitheanna fada 0.75cm. Úsáid ábhairín beag plúir chun nach ngreamóidh an tagliatelle.
Cócaráil an tagliatelle in uisce beirithe saillte go ceann 3-5 nóiméad.