Tá plean aontaithe ag ceannairí an AE bac a chur ar bhreis is dhá thrian den ola a fhaightear ón Rúis.
Beidh cosc ar an ola a thagann ar muir ach ní an ola a iompórtáiltear trí phíblíne, socrú a rinneadh chun an Ungáir, a bhí ag cur i gcoinne an phlean, a shásamh.
Dúirt ceannasaí na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, go bhfágfadh an cosc go mbeadh an Rúis d’uireasa cuid mhór dá gcoiste cogaíochta.
Tá an cosc ar ola na Rúise mar chuid den séú babhta smachtbhannaí atá fógartha ag an AE ó cuireadh tús leis an ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra.
Faoi láthair faigheann an tAE 27% dá ola agus 40% dá ghás ón Rúis. Íoctar timpeall €400 billiún leis an Rúis ar na hiompórtálacha seo. Níl aon chosc curtha go fóill ar ghás na Rúise.
Má chomhlíonann na Ghearmáin agus na Pholainn na gealltanais atá tugtha dóibh i leith iompórtáil ola trí phíblíne beidh cosc ar 90% d’ola na Rúise roimh dheireadh na bliana.
Faoi na smachtbhannaí is déanaí beidh cosc ar an Sberbank, an banc is mó sa Rúis, a bheith páirteach as chóras íocaíochta Swift, cuirfear cosc ar thrí chraoltóir stáit eile de chuid na Rúise agus cuirfear a thuilleadh srianta ar dhaoine a a mheastar bhí freagrach as coireanna cogaidh san Úcráin.
Tá sé breis is trí seachtaine anois ó mhol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go gcuirfí cosc iomlán ar cheannach ola ón Rúis i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo ach níl aon dul chun cinn déanta acu ó shin.
D’fhógair an Ungáir go dteastódh cúig bliana agus na billiúin euro ón tír sin chun uasghrádú a dhéanamh ar na scaglanna ola atá acu.