Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Cúrsaí Iarchéime trí Ghaeilge – Cúige Mumhan

| fionnuala |

Díríonn an t-alt seo ar na cúrsaí iarchéime atá á bhfógairt ag na hinstitiúidí oideachais i gCúige Mumhan; foilseofar ailt do gach cúige eile go luath.

Cé go bhfuil an-eolas faoi chúrsaí ar bhunachar náisiúnta d’fhoghlaimeoirí  Qualifax agus ar shuíomhanna idirlín na hinstitiúidí iad féin, níl sé éasca teacht ar liosta iomláin faoi gach cúrsa a mhúintear trí Ghaeilge. Ní fheicim gur féidir an teanga teagasc a roghnú mar théarma cuardaigh ar aon suíomh acu. Mar shampla, dá mbeifeá ag iarraidh an liosta iomlán sin de chúrsaí a aimsiú, chaithfeá cuardach eochairfhocail a dhéanamh le “Gaeilge, “Ghaeilge”, “Dlí”, “Léann” srl.  Chaitheadh roinnt eolais a bheith agat roimh ré ar theidil na gcúrsaí; ní dócha go bhfaighfeá an cúrsa seo go héasca – MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála), ó Ollscoil na Gaillimhe – leis na heochairfhocail sin.

De réir sin, mar chúnamh, tá liosta ar fáil le fada anseo ar PEIG.ie de na cúrsaí fo- agus iar-chéime a mhúintear trí Ghaeilge. Ó thaobh ábhair de, baineann cuid mhaith dóibh leis an nGaeilge féin, ach tá cinn eile a bhaineann le hábhair eile cosúil leis an dlí, na dána, na meáin, an léann Ghaeilge, an aistriúcháin agus an iriseoireacht.

Beadh a fhios agat go raibh, agus tá fós, an-bhorradh sna hinstitiúidí teicneolaíochta – tá grúpaí acu tagtha le chéile in aon institiúid amháin, agus tá a n-ainmneacha athraithe, mar a léirítear thíos.

Mar fhocal scoir, is iontach an áis é Qualifax, i ndáiríre, chun teacht ar chúrsaí ina mbeadh suim agat iontu. Tá duine in ann cuardach eochairfhocail a dhéanamh ar theidil na gcúrsaí, mar aon le téarmaí chuardaigh eile cosúil le hainm na hinstitiúide oideachais, leibhéal an chúrsa srl. Tá go leor eolais bhreise ann ar ghnéithe ábhartha eile cosúil le deontais, má tá an t-am agat le féachaint air.

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
MA sa Nua-Ghaeilge 

bliain amháin (lánaimseartha)
dhá bhliain (páirtaimseartha)

Is iarchéim mhúinte í seo a dhíríonn ar na gnéithe is tábhachtaí de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge.
Ard-Dioplóma san hEalaíona sa Nua-Ghaeilge

9 mí (lánaimseartha)
18 mí (páirtaimseartha)

Dírithe orthu siúd a bhfuil céim acu cheana féin atá sé, agus ar mian leo anois cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach tré chúrsa dianstaidéir
MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa

bliain amháin (lánaimseartha)

Cúrsa bliana í an Mháistreacht sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa atá dírithe ar chéimithe sa dlí, nó ar dhaoine le cáilíochtaí eile sa dlí, agus caighdeán maith Gaeilge acu chomh maith agus ar mhian leo an caighdeán sin a ardú anois agus cur lena saineolas ar Dhlí na hEorpa.
MA i Léann an Aistriúcháin

bliain amháin (lánaimseartha)
dhá bhliain (páirtaimseartha)

Soláthraíonn sé cúrsaí ginearálta ar theoiric an aistriúcháin, chomh maith le ceardlanna ar phraitic an aistriúcháin idir an Béarla agus teangacha faoi leith.

Tá cúrsaí oideachais aosach le siúl freisin d’fhoghlaimeoirí, múinteoirí agus pobal na Gaeilge, ar an Ghaeilge mar theanga nó ar scileanna áirithe (teicneolaíochta, iriseoireachta, aistriúcháin) trí Ghaeilge – mar shampla an Teastas sa Ghaeilge Labhartha. Tá tuilleadh eolais ag Ionad na Gaeilge Labhartha.

Ollscoil Luimnigh

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
MA sa Ghaeilge

bliain amháin (lánaimseartha)
dhá bhliain (páirtaimseartha)

Cuirfidh an cúrsa MA sa Ghaeilge ar do chumas úsáid a bhaint as an nGaeilge ag ard-chaighdeán agus ag ard-leibhéal cruinnis. Déanfaidh tú scileanna luachmhara a shealbhú agus a fhorbairt, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse leathan comhthéacsanna agus postanna; scileanna taighde, teanga, agus anailíse ina measc.
Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

dhá bhliain (páirtaimseartha)

Is cúrsa páirtaimseartha é seo do dhaoine ar mhian leo a gcuid scileanna teanga a fhorbairt, oiliúint phroifisiúnta sa Ghaeilge a fháil, léargas a fháil ar an nGaeilge sa saol comhaimseartha agus cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge a bhaint amach.

Bíonn gearrchúrsaí lae/oíche ar siúl freisin d’fhoghlaimeoirí agus múinteoirí mar shampla An Ghaeilge Ghairmiúil. Tá tuilleadh eolais ag Aonad na Gaeilge.

Coláiste Mhuire gan Smál

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge & Gaeltachta

dhá bhliain (páirtaimseartha)

Tá an clár iarchéime, trasearnála seo, an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ag freastal go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear príomhoidí, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht
MA sa Ghaeilge

Is cúrsa bliana atá san MA

Is é is cuspóir don chúrsa múinte iarchéime seo ná freastal ar chéimithe Gaeilge a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus fonn orthu breis staidéir a dhéanamh ar theanga agus litríocht na Gaeilge.

Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU)

Tháinig Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheisceart a bhunú.

Teideal agus fad an chúrsa & nasc chuige Achoimre Ghearr ón gColáiste
Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meán

(eolas breise le fáil ó Nemeton)

bliain amháin (lánaimseartha & páirtaimseartha)

Tá ár gCúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa inár rannóg is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse.

Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)

Tháinig Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí le hInstitiúid Teicneolaíochta Thrá Lí le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan a bhunú. Níl aon chúrsaí iarchéime trí Ghaeilge acu.

Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne:Lár Tíre Iarthar Láir (TUS)

Tháinig Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain le chéile chun Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne a bhunú: Lár Tíre Iarthar Láir. Níl aon chúrsaí iarchéime trí Ghaeilge acu.

Ailt Ábhartha Eile

Tagairtí san ailt seo