Tá sé ráite ag an Roinn Infreastruchtúir sna sé chontae go bhfuil siad ag déanamh “breithniú” ar iarratas a fuair siad na comharthaí tráchta Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste a iarrann ar thiománaithe moilliú a bhaint anuas.
Chuaigh Brian Kingston, MLA de chuid an DUP, i dteagmháil leis an Roinn nuair a cuireadh na comharthaí in airde i gceantair Pháirc na bhFia agus na Seanpháirce i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is iad Sinn Féin a chuir na comharthaí “slow” agus “Go mall” in airde, comharthaí a bhfuil lógó an pháirtí orthu chomh maith.
Dúirt Kingston gur mheas aontachtaithe sa cheantar go raibh na comharthaí “bagrach”.
Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn Infreastruchtúir go raibh an comhfhreagras faighte acu agus go bhfuil an cheist “faoi bhreithniú” i láthair na huaire.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt urlabhraí ó Shinn Féin go raibh “díomá mhór” orthu faoin scéal.
“Is cúis díomá dúinn é, tráth a bhfuil páirtí an Uasail Kingston tar éis imeacht ón Tionól, ón bhFeidhmeannas agus óna fhreagrachtaí tacú le hoibrithe agus le teaghlaigh le linn géarchéime costais mhaireachtála agus dul i ngleic le liostaí ospidéil atá ag dul i bhfad, go bhfuil sé ag éirí tógtha faoi chomharthaí a chuir feachtasóirí áitiúla um shábháilteacht bóithre in airde, comharthaí atá ann chun daoine a shábháil.”
Dúirt an t-urlabhraí go raibh an páirtí agus muintir na háite “ag éileamh bearta sábháilteachta bóithre” go seasta i gceantar na Seanpháirce agus dá sábhálfadh na comharthaí saol páiste amháin gurbh fhiú iad.