Tá breis is 300 cáipéis rúnaicmithe faighte ar ais ag Rialtas na Stát Aontaithe ón iarUachtarán Donald Trump ó d’fhág sé an Teach Bán.
Mí Eanáir a d’éirigh leis an gCartlann Náisiúnta an chéad bhaisc cáipéisí a fháil ar ais agus bhí os cionn 150 acusan rúnaicmithe.
Chuir líon agus nádúr na gcáipéisí sin an-imní ar an Roinn Cirt agus is as sin a d’eascair an fiosrúchán coiriúil agus ruathar an FBI ar Mar-a-Lago, baile saoire Trump, níos túisce an mhí seo.
Thugadar leo tuilleadh cáipéisí an lá sin agus de réir tuairisce sa The New York Times inniu bhí breis is 300 díobh rúnaicmithe.
I dtuairisc an nuachtáin sin, deirtear gur thug Trump 15 bosca ar láimh don Chartlann Náisiúnta mí Eanáir agus go raibh cáipéisí ina measc sin ón nGníomhaireacht Láir Faisnéise (CIA), ón nGníomhaireacht Slándála Náisiúnta (NSA) agus ón mBiúró Feidearálach Fiosrúcháin (FBI).
Bhí Trump bliain imithe as an Uachtaránacht faoin tráth sin.
Ábhair éagsúla a bhain leis an tslándáil náisiúnta a deirtear a bhí sna cáipéisí sin.
Agus a gcuardach déanta ag oifigigh fiosrúcháin ar theach Trump i Mar-a-Lago le déanaí, thugadar leo 26 bosca cáipéisí agus bhí 11 baisc acu sin a bhí marcáilte rúnaicmithe.
Faoi Acht Thaifid an Uachtaráin, is leis an Rialtas gach ábhar oifigiúil agus ní mór é ar fad a chur ar fáil don chartlann ach a dtagann deireadh le téarma Uachtaráin.
Tá an dream a raibh an cúram orthu an dlí sin a chur i bhfeidhm cáinte go géar agus go minic ag lucht tacaíochta an iarUachtaráin Trump agus claontacht á cur ina leith acu.
An Luan seo caite, d’iarr foireann dlí Donald Trump ar bhreitheamh feidearálach ‘máistir speisialta’ a cheapadh lena chinntiú go dtabharfaidh an Roinn Cirt aon cháipéis phríobháideach a tógadh óna theach ar ais dó agus iad ag áitiú gur sáraíodh a chearta bunreachtúla.