Tá eagraíocht stáit le fiosrú a dhéanamh faoi chaighdeán an aistriúcháin Ghaeilge a rinneadh ar leabhrán dátheangach atá a scaipeadh ar gach teaghlach sa stát.
Chinn Údarás Uchtála na hÉireann fiosrú a dhéanamh faoi ghearán gur Gaeilge ‘Tá mé fear’ atá sa leabhrán eolais faoin Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022.
Ar na botúin a aimsíodh sa leabhrán bhí an abairt ‘Níl an leabhar seo ach achoimre’.
Chuir an té a rinne gearán faoin leabhrán eolais dátheangach ar a súile don Údarás Uchtála gur “botún bunúsach” a bhí anseo a dtugtar “an botún ‘Tá mé fear” air”.
Luaigh sé chomh maith botún sa teideal ar chlúdach an leabhráin, áit a bhfuil ‘faoi Bhreithe’ scríofa seachas ‘faoi Bhreith’ nó ‘faoi Bhreitheanna’.
Thug Údarás Uchtála na hÉireann le fios go bpléifidís ceist an leabhráin leis an gcomhlacht seachtrach a rinne an obair aistriúcháin don leabhrán atá á chur amach ag an Údarás, an Roinn Leanaí agus Túsla.
Sa “sampla” de na botúin agus den drochaistriúchán a cuireadh faoi bhráid an Údaráis, bhí roinnt abairtí Gaeilge nach raibh aon chiall leo.
‘Seo i dtionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann’, mar shampla, an t-aistriúchán a rinneadh ar ‘This is an initiative of the Government of Ireland’.
Bhí briathar san aimsir mhícheart i measc na mbotún eile – ‘osclaítear’ nuair is ‘osclófar’ a bhí i gceist.
Tugadh faoi deara chomh maith go raibh roinnt athrá gan dealramh sa leagan Gaeilge den téacs:
‘Ach tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur seirbhísí ar leith agus ar leith iad an dá cheann agus gur gá iad a chur i bhfeidhm ar leithligh.’
Dúradh go raibh sampla eile den athrá gan dealramh le fáil in úsáid an fhocail ‘rogha’ san abairt, ‘Is bealach é an Clár Tosaíochta Teagmhála le cur ar chumas daoine a rogha rogha a chlárú.’
Botún eile a luaigh an té a rinne an gearán, ar saineolaí ar an nGaeilge é, ná nach ndearnadh aon idirdhealú san aistriúchán Gaeilge idir an focal ‘adoptive’ agus ‘adopted’, rud a d’fhág go raibh ‘tuismitheoir uchtála’ agus ‘páiste uchtála’ aige seachas ‘páiste uchtaithe’.
Dúradh nach raibh ciall ar bith le habairtí eile amhail “Ar choinníoll D’fhéadfadh mír ar bith a bheith i seilbh an Údaráis Uchtála nó Tusla…’
Seoladh an leabhrán mar chuid d’fheachtas poiblí faisnéise a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go dtuigeann daoine a uchtaíodh, go dleathach nó go mídhleathach, go bhfuil cead acu faoin reachtaíocht nua rochtain a fháil ar aon eolas atá ann faoina mbreith nó tús a saoil.
Ní hé seo an chéad uair ar caitheadh amhras ar chaighdeán an aistriúcháin a rinne comhlacht seachtrach do chomhlacht poiblí.
Comhlacht seachtrach aistriúcháin, mar shampla, a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ ar phóstaer de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte níos túisce i mbliana.
Anuraidh baineadh anuas comharthaí a bhíodh ag fógairt cosc ar cheamaraí in ionaid tástála Covid-19 nuair a cuireadh botún san aistriúchán Gaeilge ar a súile do FSS.
Sa bhfógra bhí ‘No cameras’ aistrithe go Gaeilge mar ‘Uimh Ceamaraí’ amhail is gur giorrúchán ar an bhfocal Béarla ‘number’ a bhí i gceist leis an ‘No’.
Dúradh an uair sin chomh maith gur cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil amach ar conradh go dtí soláthróir eile.