Tá sé deimhnithe ag An Garda Síochána go bhfuiltear i mbun fiosraithe maidir le loitiméireacht a rinneadh ar chomharthaí bóthair i nDún na nGall le gairid.
Bhain conspóid an tseachtain seo le línte dearga a péinteáladh ar logainmneacha Béarla bhailte fearainn ar chomharthaí dátheangacha timpeall an chontae.
Is léir gur agóid atá sa loitiméireacht i gcoinne logainmneacha Béarla a bheith á n-úsáid ar na comharthaí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, áit a mbíonn a leithéid in aghaidh na reachtaíochta teanga go minic.
Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí le Tuairisc go rabhthas ar an eolas faoin scéal agus go rabhthas i mbun fiosraithe.
“Tá eolas ag na Gardaí ar na heachtraí seo a bhaineann le comharthaí bóthair ar fud an chontae i nDún na nGall agus tá fiosruithe ar bun faoi,” a dúirt an t-urlabhraí.
Tá idir cháineadh agus mholadh déanta orthu siúd atá i mbun na loitiméireachta. Dúirt an comhairleoir áitiúil Michael McClafferty nach ndearna an scrios aon mhaith do chur chun cinn na Gaeilge i nDún na nGall agus go mbeadh an Chomhairle Contae agus an pobal trí chéile thíos leis an gcostas a bhainfeadh leis na comharthaí a athrú.
Thacaigh comhairleoir eile, Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, leo siúd atá i mbun na loitiméireachta, áfach.
Mhol Mac Giolla Easbuig iad as gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge agus dúirt go mbeadh sé sásta dá gcoinneodh siad orthu ag lot comharthaí, cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí.
“Tá comharthaí thuas sa Ghaeltacht a bhfuil logainmneacha i mBéarla orthu agus tá sin ag briseadh an dlí ach ní fheicim duine ar bith ag léim suas is anuas ar an cheann sin.
“B’fhéidir go bhfuil siad ag déanamh nach bhfuil an Ghaeltacht ná an Ghaeilge chomh tábhachtach sin,” a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.
Tá na comharthaí a loiteadh i nDún na nGall suite lasmuigh agus laistigh de cheantair Ghaeltachta.
De réir na reachtaíochta, caithfidh logainmneacha ar chomharthaí bóthair a bheith i nGaeilge agus i mBéarla in aon ait atá lasmuigh de Ghaeltacht. I gcás comharthaí sa Ghaeltacht, ní mór an logainm Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin.
Thug Comhairle Contae Dhún na nGall le fios do Barrscéalta go raibh logainmneacha Gaeilge in úsáid ar 95% de na comharthaí bóthair sa Ghaeltacht.
Dúirt Mac Giolla Easbuig nach raibh suim dá laghad ag formhór na ndaoine sa Chomhairle Contae sa Ghaeilge agus nach raibh sa mhéid a bhí á dhéanamh acu ach “tokenistic gestures”. Mheas sé go dtarraingeodh an loitiméireacht aird ar an gcaoi a gcaitear leis an teanga.
Anuas air sin, dúirt sé nach raibh aon chiall le han-chuid de na logainmneacha Béarla sa chontae ar aon nós agus iad tógtha ón mbunleagan Gaeilge.
“Baineann muid úsáid as Moville, cén ciall atá leis? Letterkenny, Ballyshannon. Níl ciall ar bith ar domhan leo. Bheinnse náirithe dá mbeinnse go láidir ar son labhairt an Bhéarla is nach bhfuil ciall ar bith leis na focail atá muid ag labhairt. Ach tá ciall agus cuid mhór stair agus cultúr leis na focla Gaeilge go léir atá againn.”
Tharraing eachtraí den chineál céanna conspóid i nDún na nGall in 2019 nuair a scriosadh an Béarla ar roinnt comharthaí dátheangacha i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste. Dhiúltaigh an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig iad siúd a bhí i mbun na loitiméireachta a cháineadh an uair sin freisin.
Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, rinneadh scrios ar a thuilleadh comharthaí bóthair sa chontae ach ba í an Ghaeilge a clúdaíodh an uair sin.