Chuaigh Tuairisc.ie chuig Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua le blaiseadh a fháil den atmaisféar ar lá mór na dtorthaí Ardteiste. Pictiúr: Tuairisc/Seán Ó Mainnín
Éabha Breathnach ag ceiliúradh lena máthair agus múinteoirí. Ó chlé: Bridie Ní Shúilleabháin, Éabha, a máthair Bríd, Treasa Uí Lochlainn agus Seán Mac Donncha, príomhoideSheona Ní Mháille, múinteoir ceoil sa scoil, ag déanamh comhghairdeachais le Áine Ní Ghríofa. Beidh Áine ag déanamh Ceol, Tíreolaíocht agus Gaeilge in Ollscoil Mhá NuadBríd Ní Liatháin agus a iníon, Éabha, ag oscailt na dtorthaí le chéileTá torthaí Éabha thar cinn!Na múinteoirí féin sásta leis na torthaí. Ó chlé: Ali Donald (Bitheolaíocht); Siobhán Uí Loideáin (Séiplíneach scoile) Neasa Mhic Dhonncha (Mata) agus Sinéad McGuirk (Fraincis)Dara Ó Conghaile ag oscailt a chuid torthaíNa marcanna aige. Beidh Dara ag déanamh múínteoireachta in OÉGTá Siobhán Uí Loideáin sásta le torthaí a mhic, Cormac, a tógadh ar chúrsa fisiteiripe in Eindhoven na hÍsiltíre ar an tuiscint go bhfaigheadh sé na marcanna a bhí ag teastáil inniu. Fuair sé agus tuilleadh!Grinnstaidéar ar thorthaí: Margarita McDonald, ar chlé, le Gráinne de Bhailís agus an príomhoide Seán Mac Donncha. Beidh Margarita, imreoir rugbaí le Cúige Chonnacht agus le foireann na hÉireann, ag déanamh céim sna dána in OÉGScoláire sásta eile. Eoghan Ó Súilleabháin Margarita McDonald agus Aibidh Ní Mháille, imreoirí rugbaí le Cúige Chonnacha) agus Saffron Ní Fhlatharta ag ceiliúradh a dtorthaí. Beidh céim sna dána á déanamh ag Margarita in Ollscoil Na Gaillimhe, beidh Aibidh ag déanamh radagrafaíochta sa Choláiste Ollscoile, BÁC agus beidh Saffron ag déanamh múinteoireachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, LuimneachOrla Ní Fhlatharta ar chlé a mbeidh céim sna dána á déanamh aici in Ollscoil na Gaillimhe agus Orlaith Ní Chonghaile a bheidh ag déanamh Dlí agus Gnó san Ollscoil chéannaÉanna Ó Domhnaill lena aintín agus múinteoir Sallyann Uí Dhubháin. Tá suil ag Éanna cúrsa Bainistíocht Fhoirgníochta a dhéanamhSásta beirt. Orla Ní Chadhain agus Aisling Ní MhocháinMaria Nic Dhonncha ag ceiliúradh ardmharcanna san Ardteist (625) lena máthair Natalia Kovaleva