Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Is dúshlán mór é an pósadh, gan bheith ag caint ar ‘Married at First Sight’

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Is cosúil go bhfuil na milliúin duine ag amharc ar an chlár ‘Married at First Sight’ ceithre oíche na seachtaine. Bíonn an clár ar siúl cuid mhaith oícheanta ar a naoi a chlog agus nuair atá formhór mo chuid oibre déanta agam caithim mé féin siar ar an tolg agus déanaim m’intinn a bhodharú leis an chlár.

Is é an coincheap atá leis nó go ndéanann scaifte saineolaithe daoine atá ag lorg grá, agus a bhfuil tréithe áirithe acu, a chur le chéile. Tagann an bheirt le chéile den chéad uair ag an altóir agus ní bhíonn a fhios acu cé a bhéas ag rompu. Tromluí a bhíonn agam go minic.

Tuigeann muid uilig go bhfuil go leor ar siúl ar chúl an cheamara – go bhfuil gach clár gearrtha go dramatúil leis an aird is mó a chothú agus is féidir. Feiceann muid go leor pearsantachtaí suimiúla ann agus cuireann sin le luach an chláir.

Imíonn siad ar mhí na meala agus nuair a thagann siad ar ais bíonn orthu cónaí le chéile. Éiríonn go maith le cuid acu ach, gan amhras ar bith, bíonn deacreachtaí acu uilig agus deir siad go mbíonn cuid mhór brú agus struis orthu.

Tá suim agam sa choincheap. Sílimse go bhfuil sé cosúil leis an mhéid a scríobh Charles Dickens na blianta ó shin – go ndéanann an clár seo spléachadh den saol a chur ar ár súile dúinn agus ní dochar ar bith sin. Foghlaimíonn muid faoi bhotúin agus buanna daoine eile, is cuma cén scéal atá muid a léamh nó a choimheád.

Níl mise pósta. Níor phós mé ariamh agus mar sin cothaíonn an clár go leor suime ionam. Ní thuigimse cén dóigh a mbeadh lánúin ábalta cinneadh a dhéanamh a chéile a phósadh gan aithne cheart a bheith acu ar a chéile. De réir mar a thuigimse, ní pósadh ceart é go deireadh an chláir nuair a thugtar an deis dóibh cé acu gealltanais an phósta a athnuachan nó imeacht ar a mbealach féin.

Eascraíonn ceist níos mó as an chlár. Cad is fiú an pósadh? Pósann daoine agus briseann siad an pósadh chomh cinnte céanna gan mórán stró. Tá an fhéidearthacht sin ann – níl sé cosúil leis an dóigh a raibh sé na blianta ó shin nuair a bhíodh ar dhaoine fanacht i ndrochphósadh faoi bhrú agus faoi strus. Tuigim agus mo chéad mhíle beannacht le daoine atá nó a bhí i ndrochphósadh agus atá ag imeacht nó a imíonn uaidh, cé acu atá páistí san áireamh nó nach bhfuil.

Is trom an conradh an pósadh gan dabht ar bith – do shaol iomlán a chaitheamh leis an duine céanna – is mór an íobairt é agus is mór an croí atá ag duine ar bith a bhfuil an t-uchtach acu a dhéanamh.

Tá mise den bharúil go mbeinnse imigh mo bhealach féin. Fiú má tá grá agat do dhuine is deacair cónaí leo. Bíonn dóigheanna beaga againn uilig: priosanna a fhágáil ar oscailt, gan cláir a chur ar ais ar rudaí, srannfaí, a bheith ag ithe agus béal ar oscailt agus fiú análú trom. Is iomaí sin bean a dúirt liom go raibh fonn orthu dúnmharú a dhéanamh agus iad ag coimheád ar a bpáirtí ag ithe nó ag éisteacht leo ag srannfaí go trom san oíche.

Is é an cheist atá agamsa nó an leor neamhiontas a dhéanamh de? Nach bhfuil pointe áirithe ann nuair atá ort béic a ligint asat, agus ní sin le rá go mbeidh athrú scéil ann mar thoradh nó is deacair do dhaoine a mbealach a leasú. Ach seans nach bhfuil mise foighdeach – seans gur ormsa atá an locht agus tuigim sin.

Anois agus muid ar maos i rogha na meán sóisialta, tá cathú i bhfad níos mó ann dul ar strae. Chas mise le duine ar bhus agus dúirt sé go raibh sé sona sásta pósta agus cha raibh mé sa bhaile nuair a tháing sraith teachtaireachtaí mo bhealach uaidh. Is é an rud a chuir iontas ormsa ná go raibh mé ar mo shócúl ag caint leis an té seo, mar a bheinn i mo shuí le sagart, ach chaith na teachtaireachtaí sin mo chuid soineantachta i leataobh.

Deir daoine liom go bhfuil go leor le gnóthú as bheith le duine eile ar nós imeacht ar thurais, a bheith i mur suí ar an tolg i dteannta a chéile ag amharc ar scannán san oíche, agus duine a bheith ag do thaobh le tacú leat nuair is gá, agus seans gurbh fhiú sin ach an bhfuil gá le conradh a chur leis an dáimh?

Athraíonn daoine le linn an tsaoil agus tá seans mór ann nach ionann an té a phósann tú agus an duine a bhéas leat i gceann scór bliain. Tá cuid mhór oibre i gceist le fanacht le chéile – feicim sin sa mhéid atáthar a rá sa chlár fosta.

Seans go bhfuil na daoine a fhanann le chéile ar feadh na mblianta ar nós bláthanna a fhásann taobh a chéile i ngairdín i rith shéasúir an tsaoil. Tagann lustain ó am go ham agus glantar ar chúl iad agus de réir a chéile fásann bláthanna beaga eile taobh leo. Is fiu go mór aitheantas a thabhairt do na bláthanna seo ach is fiú aitheantas a thabhairt don bhláth beag a fhásann leis féin ó shéasúr go séasúr agus a imeoidh lá den saol agus nach mbeidh ina háit ach bearna – bearna a líontar le teacht an Earraigh. Seans gur beag duine a dhéanfas an cinneadh a bheith ina aonar, gan phósadh, ach ní fhágann gach bláth ach an bhearna bheag amháin is cuma cá mhéad bláth atá taobh leo i rith na séasúr.

Níos mó