Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
treoirlinte-pleanala-don-ghaeltacht-le-cur-os-comhair-an-phobail-roimh-dheireadh-na-bliana

Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le cur os comhair an phobail roimh dheireadh na bliana

| Padraic O Ciardha | ,

Deir an Rialtas go bhfuil sé i gceist treoirlínte nua maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Thug an Teachta Dála Peter Burke, Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, le fios go bhfuil sé i gceist na dréacht-treoirlínte a chur os comhair an phobail sa ráithe dheireanach den bhliain seo.

Dúirt Burke go gcuirfear próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun ansin chun tuairimí an phobail a fháil faoi na treoirlínte nua.

Is i bhfómhar na bliana seo caite a d’fhógair an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ar dtús go raibh a Roinn chun tabhairt faoi bheartas nua do chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Dúirt sé ag an am go mbeadh siad réidh roimh dheireadh 2021. Dúradh ansin gur sa chéad ráithe den bhliain seo a d’fhoilseofaí iad ach sáraíodh an sprioc sin freisin.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Tithíochta le Tuairisc roimhe seo nach gcuirfí tús leis an obair dhréachtaithe go dtí go mbeadh beartas níos cuimsithí maidir le cúrsaí tithíochta faoin tuath, atá beartaithe ag an Rialtas, réidh.

I bhfreagra ar cheist ón Teachta Dála Catherine Connolly, dúirt an tAire Stáit Burke go meastar anois go mbeidh na dréacht-treoirlínte Gaeltachta foilsithe agus tús curtha leis an gcéim chomhairliúcháin sa ráithe dheireanach den bhliain.

Thug an tAire Stáit le fios chomh maith nach bhfuil na treoirlínte Gaeltachta réidh go fóill. Bhí bailchríoch á cur orthu, a dúirt sé.

Tá grúpa idir-rannach – a bhfuil feidhmeannaigh ón Roinn Tithíochta, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ina mbaill de – bunaithe chun tacú leis an obair sin. Cinnteoidh an grúpa sin, a deirtear, go mbeidh an cur chuige céanna in úsáid ag na húdaráis phleanála ar fad a bhíonn ag plé le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Faoi láthair, tá polasaithe difriúla i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta ar fad.

Thug an tAire Stáit le fios gur tháinig an grúpa idir-rannach le chéile seacht n-uaire ó mhí Feabhra 2021 chun na treoirlínte a phlé. Reáchtáladh an cruinniú is deireanaí den choiste mí Iúil agus tá sé i gceist ceann eile a reáchtáil an mhí seo chugainn, Deireadh Fómhair.

Tá na treoirlínte nua le foilsiú faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Faoin alt sin, tá sé de chumhacht ag an Aire treoirlínte a eisiúint do na húdaráis phleanála.

Tá cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht ag déanamh imní do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le tamall fada agus é á mhaíomh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i mbaol toisc a dheacra is a bhíonn sé ag muintir na háite tithíocht a fháil ina gceantar féin agus toisc nach dtugtar cosaint mar ba cheart don teanga sa chóras pleanála.

Tá geallta cheana ag an Aire Darragh O’Brien go dtabharfar isteach ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht mar chuid den bheartas nua.

Deirtear go dtabharfar isteach freisin scrúdú líofachta nua do dhaoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin. Tá éiginnteacht ann maidir le cé a chaithfeadh an scrúdú sin a dhéanamh, áfach, agus é ráite go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.

Níos mó