Tá scoláireachtaí nua bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar mhic léinn atá ag fanacht i dTeach na Gaeilge agus lóistín Gaeilge ar bun arís ag an ollscoil den chéad uair le breis is 20 bliain.
D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil na scoláireachtaí bronnta ar 16 mac léinn don bhliain acadúil seo faoina Scéim Cónaitheachta Gaeilge.
Beidh na scoláirí ag cur fúthu i dTeach na Gaeilge i mBaile na Coiribe agus cuirfear €1,000 an duine ar fáil dóibh chun cuidiú leo le costas lóistín na bliana.
Deir Ollscoil na Gaillimhe gur léiríodh an-spéis sa scéim agus go raibh mic léinn ó cheann ceann na tíre ag iarraidh an deis a thapú lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus iad i mbun staidéir san ollscoil i mbliana.
Deir Cliodhna Ní Mhianáin, duine de na mic léinn ar éirigh léi áit a fháil i dTeach na Gaeilge: “Is i bpobal bríomhar na Gaeilge a tógadh mé agus is ann is compordaí mé i mo chraiceann féin; mothaím go bhfuil an cairdeas, craic agus ‘raison d’être’ céanna ag lucht na Gaeilge, rud nach bhfuil le fáil i measc an lucht aonteangaigh.
“Tá mé den bharúil, óir go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe chomh lárnach sin, go mbeidh meascán iontach de Ghaeilgeoirí as gach cearn den tír ag freastal uirthi, araon le muintir Chonamara, agus go mbeidh meascán mearaí iontach de chanúintí ann. Is deis ar leith í an Scéim Cónaitheachta Gaeilge le bualadh leo uilig agus táim ag súil go mór leis an mbliain.”
Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, go léiríonn an tacaíocht atá tugtha don scéim “fíorthiomantas na hOllscoile” don Ghaeilge a chur chun cinn san choláiste.
Dúirt sé go mbeadh deis ag na mic léinn seo “cur lena gcuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí Gaeilge a bheidh á reáchtáil san Ollscoil agus i gcathair na Gaillimhe”.
Tuigeann sé chomh maith “tábhacht thar na bearta a bhaineann leis an sóisialú seo ó thaobh cleachtas agus iompar teanga na mac léinn”.
Dar leis go léireoidh an scéim seo do phobal na hOllscoile i gcoitinne “go bhfuil an Ghaeilge lárnach i ngach uile réimse den saol in Ollscoil na Gaillimhe”.
Cuireadh tús leis an Scéim Cónaitheachta Gaeilge den chéad uair san ollscoil sa bhliain 1991, agus seoladh an scéim arís i mbliana ar mhaithe le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu agus pobal Gaeilge na hollscoile a neartú.
Mhaígh Ollscoil na Gaillimhe roimhe seo go bhfuiltear ag iarraidh an scéim a fhorbairt agus gur “baile Gaelach seachas teach Gaeilge” a bheidh ann amach anseo.