Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Tá eireaball Covid linn go fóill…

| Dáithí Anraí |

Concubhar Ó Liatháin

Tá breis is dhá bhliain go leith caite ón am a chuala an domhan ar dtús faoi SARS COV2 / COVID 19 agus, faoi dheireadh thiar, rug sé orm.

Fiú go ndeirim ‘faoi dheireadh thiar’ amhail is go raibh mé ag súil leis, ní rabhas ná baol air. Go deimhin breis agus seachtain ó chonac an dá líne ar an mboiscín bán, bhíos imithe le haghaidh mo chúigiú instealladh – dhá ghála de Moderna sa chéad dul síos agus trí cinn bhreise ina dhiaidh sin.

Ní rabhas ar fónamh maidin Dé Luain seo caite, i slí aisteach nach raibh mé ag súil leis, mar sin rith sé liom gur cheart dom tástáil a dhéanamh.

Ní hé go raibh mé tar éis dearúd a dhéanamh ar an aicíd – ach bhí sé bogtha siar i gcomhad na hinchinne gan aon amhras. Fuaireas an bosca tástála agus rinneas an méid a bhí gá a dhéanamh.  Ar dtús ní raibh tada ach an t-aon líne amháin le feiscint, ach faoi dheireadh bhí scath soiléir den dara line ann. Bhí sé tar éis breith orm.

An oiread is go rabhas imdhíonaithe go dtí barr na gloine, bhíos fós saghas imníoch. Thugas an leaba orm féin – ní rabhas ar fónamh mar a dúirt mé roimhe ach níor mhothaigh mé tinn. An fáth gur chuas suas staighre ná gur mhol mo bhean chéile dom amhlaidh a dhéanamh mar, sa tslí sin, thar aon rud eile, thabharfaí cosaint do gach éinne eile sa tigh.

An oíche roimhe sin, bhí mo mhac tugtha agam go dtína lóistín in aice le hOllscoil Luimní ós rud é go raibh sé ag tosnú ar chúrsa nua tríú leibhéal ann. Níorbh é sin an chéad turas le chéile a thugamar an deireadh seachtaine céanna agus tháinig an scéal am lóin go raibh tástáil dhearfach faighte aigesean freisin.  Bheadh sé abhaile an tráthnóna céanna. A chéad seachtain ar an aidbhintiúr nua seo loitithe ag an aicíd.

Bhíos sa leaba agus an tinneas – srón ag sileadh ar nós eas uisce, pian sa cheann, creathanna fuachta  – ag teacht orm. Tugadh aire mhaith dhom i gcaitheamh na seachtaine – béilí agus cupáin tae de réir a chéile, corrdheoch liomóideach lódáilte le Lemsip. Bhí fón agus ríomhaire agam agus bhíos ag smaoineamh an bhféadfainn obair éigin a dhéanamh ach thugas suas ar an smaoineamh sin gan rómhoill. Ní raibh fonn oibre orm, tuirse iomlán a bhí tagtha ina áit.

Chaitheas dhá lá go lag ag smaoineamh ar línte fánacha ó dhán de chuid Sheáin Uí Riordáin, ‘Fiabhras’.

“Tá sléibhte na leapan mós árd” agus “Atáim i gceantar bráitlín” – dhá líne a rith liom agus bhí macalla faoi líne eile inar labhair sé faoi “bá na síoraíochta”, nach raibh?

Bhí Ó Riordáin breoite gan aon agó agus ní rabhas ach i mbarda na leathphingine lena ais. Chaith file Mhúscraí furmhór a shaoil sínte i leaba leis an eitinn, galar a raibh ina phláigh mharfach ar fud na tíre sa chéad leath den gcéad seo caite.  Aire Sláinte ceannródaíoch, Noel Browne, an polaiteoir a fhaigheann an chreidiúint as dul i ngleic leis an ngalar scamhógach úd agus fuarthas an ceann is fearr ar an aicíd ar deireadh. Ach bhí an dochar déanta do shláinte Uí Riordáin agus fuair sé bás óg a dhóthain, dhá bhliain is trí scór.

Ar aon nós, tar éis dom cúpla lá den ann-as-achas, bhíos ag teacht chugham féin go mall. Bhí deis agam féachaint ar shraith nua theilifíse, ‘This England’, sraith a chuireann síos ar Bhoris Johnson agus aisling a shaoil fíoraithe aige, é tofa ina phríomh-aire ar an mBreatain agus ar cheann an tslua Tóraithe is mó in Westminster le glúin.

Eanáir 2020 a bhí ann agus bhí, an oiread is a raibh de shuim ag Boris ann, Breatimeacht déanta. (Ní fada go dtiocfadh na rothaí den dtrucaillín sin agus go bhfaighfear amach nach raibh sé fiú leathbhacáilte!)

Ach cad a tháinig ansan – ár gcára Covid 19.  Ar an ngaoth anoir a tháinig sé mar chladhaire ciúin ag scaipeadh imní agus eagla roimis. Cé go bhfuil meascán maith de pholataíocht na Breataine, ábhar grinn is siamsaíochta ann i gcónaí, sa tsraith seo inar ghlac Kenneth Brannagh, Feirsteach, ról Bhoris, is é an tslí chiúin éifeachtach a ndearna an stiurthóir, Michael Winterbottom, na radharcanna ós na hoispidéil agus na tithe altranais de dhaoine ag fulaingt leis an tinneas agus ag fáil bháis ina n-aonar a shníomh isteach sa scéal a chuaigh i bhfeidhm orm.

Dá olcas an scéal in Éirinn, bhí rudaí níos measa i bhfad i Sasana agus bhí líon na gcásanna agus na mbásanna ag dul i méid i rith an ama. Is cuimhin liom an uair úd, agus Leo Varadkar ina Thaoiseach ar an tír go fóill tar éis toghchán ina bhfuair a pháirtí greadadh ó gach taobh, nach rabhas riamh chomh buíoch gur dochtúir ab ea ár gceannaire.

Sa Bhreatain, ba é an deacracht a bhí acu ná gurbh iriseoir ab ea an Príomh-aire agus go raibh sé timpeallaithe ag daoine a raibh imní níos mó orthu faoi na ceannlínte agus conas a thiocfadh siad slán as an éigeandáil, nó i gcásanna áirithe conas mar a shaothródh siad na milliúin púnt ag díol trealamh cosanta lochtach leis an Stát. Ba é an baol is mó, áfach, ná an chontúirt ó dhaoine a chreid gur cheart leanúint leis an saol mar a bhí ar mhaithe leis an ngeilleagar.

Dá ligfí dó sin tarlú, d’fhéadfaí, dar le comhairleoirí leighis, imdhíonacht thréadach a bhaint amach. Dá ligfí dó sin tarlú, bhí sé á thuar go bhféadfadh suas le 400,000 bás a fháil. Leathmhilliún Briotanach a chaillfí mura gcuirfí aon chosaint in aon chor i bhfeidhm. Mar a tharlaíonn sé, cuireadh dianghlasáil i bhfeidhm, dúnadh tábhairní, óstáin agus, faoi dheireadh, scoileanna. Go dti seo tá 207,000 tar éis bás a fháil le Covid sa Bhreatain.

Ba é an rud thar aon ní eile a thug slán iad ón gcinniúint ba mheasa gur éirigh le heolaithe in Oxford, eolaí Éireannach ina measc, vacsaín a fhorbairt agus bhí sin á dáileadh thall roimh Nollaig 2021. Bíodh is go bhfuil droch-chlú anois ar Bhoris, gach seans go mbeidh meas níos mó air nuair a scríobhfar stair na linne sin mar gheall ar a luaithe is a tugadh an vacsaín chun tosaigh sa Bhreatain.

Ag an am céanna, mar a fuaireas amach an tseachtain seo caite, níl rás Covid rite fós. Bhí an Satharn ann sara bhfuaireas an tástáil ‘dhiúltach’ a thug mo shaoirse dom arís.

“Raghaidh mé síos i measc na ndaoine is raghaidh mé síos anocht…”

Chuaigh mé síos staighre agus bhíos i gcomhluadar mo mhuintire arís. Agus táim buíoch as an méid sin.

Níos mó