Tá breis ama tugtha don tSeirbhís Cúirteanna lena chinntiú go mbeidh an ghairm chun a bheith ar ghiúiré i nGaeilge.
Faoin reachtaíocht teanga nua beidh dualgas ar an tSeirbhís Cúirteanna foirm dhátheangach a chur
amach chuig daoine atá á ngairm chun a bheith ar ghiúiré.
Bhí sé i gceist ag an Aire Stáit Jack Chambers go mbeadh an chuid sin den acht teanga leasaithe i measc na gcéad mhíreanna a dtabharfaí feidhm dóibh an fómhar seo caite, ach níor tharla sin.
Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta do Tuairisc gur i mí Mheán Fómhair seo caite a bhí sé i gceist feidhm a thabhairt don chuid sin.
Dúirt urlabhraí na Roinne gur pléadh an scéal leis an tSeirbhís Cúirteanna agus gur géilleadh dá n-iarratas go dtabharfaí breis ama dóibh chun áis teicneolaíochta nua a bhunú.
“Bhí sé i gceist feidhm a thabhairt don fhoráil seo (Alt 16 den Acht) i mí Mheán Fómhair 2022,” a dúirt urlabhraí na Roinne.
“Tar éis don Roinn an cheist a phlé leis an tSeirbhís Cúirteanna, socraíodh an dáta tosaithe a chur siar go dtí 2023 mar go bhfuil tairseach giúiré nua á fhorbairt mar chuid den chlár nuachóirithe sa tSeirbhís Cúirteanna a bheidh in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus ar phacáistí giúiré a aistriú. Chomh luath is atá sé sin déanta, beidh Ordú um Thosach Feidhme a réiteach le síniú ag an Aire.”
Faoi láthair is i mBéarla amháin a bhíonn an ghairm chun a bheith ar ghiúiré.