Tá an tríú tuarascáil le ceithre bliana anuas á lorg ag Foras na Gaeilge faoi chóras na gceanneagraíochtaí Gaeilge.
Agus tá sé i gceist a thuilleadh tuairiscí faoin ábhar a choimisiúnú an bhliain seo chugainn.
Uasmhéid de €50,000 atá luaite leis an gconradh.
Tá Foras na Gaeilge ag lorg tairiscintí ó dhaoine aonair, ó chomhlachtaí, ó eagraíochtaí agus ó institiúidí chun próiseas comhairliúcháin a reáchtáil le tuairimí an phobail a lorg agus tuairisc a sholáthar i dtaobh an chur chuige comhpháirtíochta, an córas a tugadh isteach do na ceanneagraíochtaí in 2014.
Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn – Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.
Tá a ndíomá agus a n-imní curtha in iúl cheana ag na ceanneagraíochtaí faoi chur chuige an Fhorais i leith an chórais agus amhras orthu i gcónaí faoi chomh fada is atá an obair athbhreithnithe ag dul ar aghaidh.
“Níl a fhios agam céard atá le rá i ndáiríre faoin bpróiseas tairisceana nua atá ar bun ag Foras na Gaeilge le luacháil a dhéanamh ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge,” a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Tá an próiseas ag dul ar aghaidh chomh fada sin anois go bhfuil sé deacair aon chríoch a fheiceáil leis. N’fheadar fiú céard a éireoidh as an bpróiseas. An ndéanfaidh sé leas na Gaeilge nó an mbeidh aon difríocht ann?”
Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go rabhthas ag súil an chuid is déanaí den athbhreithniú a chríochnú an bhliain seo chugainn ach “gur chuid den phróiseas” an tuarascáil is déanaí.
Tá sé i gceist tuairiscí athbhreithnithe a choimisiúnú ar ghnéithe éagsúla den chur chuige idir seo agus deireadh 2023 “más féidir”.
Dheimhnigh an t-urlabhraí chomh maith gur theip ar “iarrachtaí leanúnacha” a bhí déanta roimhe seo ag an bhForas tairiscintí a mhealladh i dtaca leis an obair athbhreithnithe.
Suas le €200,000 a bhí luaite le conradh a bhí á thairiscint ag an bhForas anuraidh leis an obair a chur i gcrích ach níor léirigh aon dream spéis ann.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh iarrachtaí á ndéanamh “anois an obair a bhriseadh síos ar bhealach difriúil agus í a chur i gcrích céim ar chéim”.
Foilsíodh tuarascáil a choimisiúnaigh an Foras anuraidh inar dúradh go leagann na ceanneagraíochtaí Gaeilge an iomarca béime ar líon na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu seachas ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin.
Rinneadh tagairt chomh maith sa tuarascáil sin do theannas a bheith idir ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.
Bhí gá freisin a dúradh le plean straitéiseach ar leith a fhorbairt do chóras na gceanneagraíochtaí agus “an plean sin a chur i ngníomh faoi stiúir Fhoras na Gaeilge”.
Bhí gá a dúradh le treoir “ina leagann Foras na Gaeilge amach go soiléir a fhís, a chuid tosaíochtaí agus na príomhspriocanna agus na príomhthorthaí is rún dó a bhaint amach”.
Maíodh freisin go raibh “dúthracht” na gceanneagraíochtaí agus “a ndílseacht” don Ghaeilge “thar a bheith soiléir”.
Níor foilsíodh riamh an tuarascáil a rinneadh roimhe sin faoi chóras na gceanneagraíochtaí.
In 2019 bhagair na ceanneagraíochtaí Gaeilge éirí as an bpróiseas athbhreithnithe, mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip den tuarascáil a rinneadh mar chuid den phróiseas sin.
Mhaígh na heagraíochtaí go raibh Foras na Gaeilge ag déanamh “beag is fiú” den chomhpháirtíocht.
I bhfreagra ar cheist Dála mí na Nollag 2019, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go rabhthas ag súil go mbeadh an t-athbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht curtha i gcrích “sa bhliain úr”.
Ach nuair a foilsíodh anuraidh eolas faoin dara tuarascáil a rinneadh d’Fhoras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí, dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta trasteorann nach raibh sa tuarascáil sin ach an chéad cheann “i sraith de thuairiscí”.
Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais ROS aige, a d’ullmhaigh an tuarascáil An Cur Chuige Comhpháirtíochta – Luacháil d’Fhoras na Gaeilge.
Deirtear i réamhrá na tuarascála gur fhág an phaindéim nár éirigh leis na comhairleoirí a dheimhniú “lena súile” an cathair mar a tuairisc na torthaí a deir na ceanneagraíochtaí a bhíonn ar a gcuid oibre.