Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ple-teasai-ann-san-iodail-faoi-bhille-a-chuirfeadh-‘cosc’-ar-usaid-an-bhearla

Plé teasaí ann san Iodáil faoi bhille a chuirfeadh ‘cosc’ ar úsáid an Bhéarla

| Eoin O Croinin | ,

 ‘Níl sé inghlactha a thuilleadh go n-úsáidfí téarmaí iasachta a bhfuil téarmaí coibhéiseacha Iodáilise ann dóibh a dhéanann cúis go paiteanta’. Sin a deirtear i réamhrá bille nua atá á mholadh ag rialtas na hIodáile, a bhfuil sé d’aidhm aige an Iodáilis a chosaint ar an mBéarla. Tá ocht n-airteagal sa bhille agus é beartaithe aige úsáid na hIodáilise a dhéanamh éigeantach i réimsí éagsúla – sa riarachán poiblí, i gcomhlachtaí príobháideacha, agus ar lipéadaí bia, cuir i gcás.

Má dhéantar dlí den bhille, beidh an Iodáilis éigeantach mar theanga theagaisc ar chúrsaí scoile agus ollscoile, ach amháin i gcás theagasc na dteangacha iasachta agus i gcás scoileanna idirnáisiúnta. Is san Iodáilis a bheidh ar chomhlachtaí róil na foirne agus a rialacháin inmheánacha a shonrú feasta, agus beidh an Iodáilis éigeachtach i ndréachtú na gconarthaí.

Thairis sin, tá sé i gceist ‘Coiste um Chosaint, Chur Chun Cinn agus Urramú na hIodáilise’ a chur ar bun. Is é an tAire Cultúir a stiúrfaidh an Coiste seo, agus beidh ionadaithe air ó na hinstitiúidí teanga is mó san Iodáil. I measc na ndualgas a bheidh ar an gCoiste ná eolas ar ghramadach agus ar fhoclóir na hIodáilise a chur chun cinn agus an teanga a shaibhriú trí théarmaí Iodáilise a mholadh mar mhalairt ar théarmaí Béarla.

Deirtear i réamhrá an bhille gur cuid luachmhar de chultúr an domhain uile í an Iodáilis, agus go bhfuil sé de dhualgas ar Iodálaigh an teanga atá faighte mar oidhreacht acu a chosaint agus a chur ar aghaidh i ndea-riocht chuig an gcéad ghlúin eile. Deirtear go bhfuil ró-úsáid agus mí-úsáid á mbaint as an mBéarla i gcáipéisí oifigiúla an stáit agus sa chraoltóireacht phoiblí, rud a fhágann go leor saoránach faoi mhí-bhuntáiste – daoine scothaosta agus daoine eile atá ar bheagán Béarla go háirithe. Ceist í a bhaineann le teacht a bheith ag an bpobal ar an eolas atá uathu chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus an méid atá ag tarlú ina dtír féin a thuiscint, mar sin.

Is é Fratelli d’Italia atá ag moladh an bhille, is é sin an páirtí ar an eite dheis atá sa rialtas faoi láthair agus arb í Giorgia Meloni a cheannaire. Ceann de na cúiseanna go raibh drogall ar aon rialtas roimhe seo polasaí teanga den chineál seo a thabhairt isteach ná go samhlaítear a leithéid le ré an fhaisisteachais nuair a rinne Benito Mussolini iarracht an Iodáilis a íonghlanadh trí théarmaí iasachta a dhíbirt, rud a raibh cuid mhaith seineafóibe ag baint leis. Mar shampla, nuair a tháinig na Stáit Aontaithe isteach sa Dara Cogadh Domhanda ar thaobh na gComhghuaillithe in 1941, cuireadh cosc ar an bhfocal jazz agus ar ainmneacha agus ar theidil Angla-Mheiriceánacha – cuireadh Luigi Braccioforte ar Louis Armstrong, an ceoltóir Meiriceánach, cuir i gcás, rud is ionann agus ‘Alaois Lámhláidir’ a thabhairt air as Gaeilge.

Tá raic tarraingthe ag an mbille ó fógraíodh é, agus an oidhreacht fhaisisteach á lua go forleathan ar na meáin shóisialta ag páirtithe freasúra agus ag baill den phobal agus iad ag ceistiú an mbeidh cosc orthu téarmaí Béarla a úsáid ina gcuid cainte feasta. Ach tá sé dearbhaithe ag Fabio Rampelli, an ball rialtais is mó atá freagrach as an mbille, nach amhlaidh atá an scéal – ‘Beidh cead bar agus croissant a rá go fóill’, a dúirt sé, ‘níl sé i gceist an Iodáil a scaradh amach ón gcuid eile den domhan leis an dlí seo. Ní hé gur mhaith liom go gcuirfí Iodáilis ar gach focal iasachta, ach má tá leagan coibhéiseach ann, ba cheart é a úsáid.’

Dúirt sé freisin nach mbaineann an bille le daoine aonair – beidh cead ag an ngnáthphobal a rogha teanga a úsáid – ach le heintitis phoiblí agus phríobháideacha. An aidhm aige ná aithris a dhéanamh ar na dlíthe Francacha, áit a bhfuil an Fhraincis éigeantach sna conarthaí agus sa pháipéarachas inmheánach agus fíneálacha troma le híoc ag comhlachtaí ilnáisiúnta ar nós Danone a sháraíonn an dlí.

 Tá an bille tar éis scoilt a chothú i measc dhíograiseoirí na hIodáilise. Tá an grúpa Campagna per salvare l’italiano (‘Feachtas chun an Iodáilis a shábháil’) sásta go bhfuil beart á dhéanamh ag an rialtas ar son na teanga faoi dheireadh agus go bhfuil aird á tarraingt ar dhrochstaid na hIodáilise. Ba cheart creidiúint a thabhairt don rialtas agus tacú leis, a deir siad, cé gur mó duine acu nach dtacaíonn le polasaithe coimeádacha an rialtais ar cheisteanna eile. Ach ina súile siúd, ní bhaineann ceist na teanga leis an eite chlé ná leis an eite dheis, agus ba cheart tacú le cibé dream a dhéanann leas na teanga.

Tá pearsana móra i réimse na teanga idir dhá chomhairle faoin mbille, áfach. Deir Claudio Marazzini, atá ina uachtarán ar an institiúid teanga Accademia della Crusca, gur róthrom atá na fíneálacha atá molta i gcás shárú an dlí (suas le €100,000) agus gurbh fhearr feachtas feasachta agus brú sóisialta chun daoine a spreagadh chun cloí leis an Iodáilis. B’éifeachtaí, dar leis, feachtas a chur ar bun i gcoinne mhí-úsáid an Bhéarla faoi mar a cuireadh feachtais ar bun i gcoinne an fhoréigin teaghlaigh agus na maistíneachta.

Tá an teangeolaí Antonio Zoppetti sásta go bhfuil an toil pholaitiúil ann gníomh a dhéanamh ar son na hIodáilise agus síleann sé go bhfuil cuspóirí inmhianaithe sa bhille, ach tá sé in amhras faoin gcur chuige: toirmeasc, cur faoi chois agus fíneálacha. Faigheann sé lochtanna eile ar an mbille: níl sainmhíniú ceart ann ar cad is ‘Iodáilis’ ann agus cé na critéir a bhaineann leis an toirmeasc ar an mBéarla. Cad é an cur chuige is fearr i gcás focail ar nós computer, mar shampla, atá fréamhaithe san Iodáilis le fada agus nach féidir fáil réidh leo faoin am seo? Agus cad ba cheart a dhéanamh i gcás na 4000 sampla eile den bhéarlachas atá sna foclóirí? An focail Iodáilise iad, ós rud é go bhfuil siad cláraithe sna foclóirí, nó focail iasachta?

Ach tá lucht tacaíochta ag an mbille sna meáin freisin. In alt leis an dlíodóir Francesco Ricciardi a foilsíodh san iris La fionda deir sé gur mithid dlí a thabhairt isteach a chosnódh an Iodáilis agus nár cheart an bille a dhiúltú díreach toisc gurb í an eite dheis a mhol é, óir le roinnt blianta anuas tá daoine as gach cúlra buartha faoi staid na hIodáilise – Mario Draghi, an t-iar-phríomhaire ina measc.

Ní maith le Ricciardi an scoilt atá ag teacht chun cinn i measc an phobail ó thaobh na teanga de – tá imní air go ndéanfar teanga an ‘daoscarshlua’ den Iodáilis agus go mbeidh buntáistí éagóracha ag an scothaicme agus ag an aos eagna mar gheall ar an mBéarla, faoi mar a bhí acu siúd a raibh Laidin acu sna Meánaoiseanna. Dá ndéanfaí teanga oifigiúil den Iodáilis, chuideodh sé le hIodálaigh atá ar bheagán Béarla cothrom na Féinne a fháil. Luann Ricciardi dlíthe cosanta teanga na Spáinne agus na Fraince, agus deir sé gur gá don Iodáil breith suas leo siúd.

Deir sé freisin go bhfuil an teanga fite fuaite le táirgeadh cultúrtha na hIodáile, rud a bhfuil an-luach eacnamaíoch ag baint leis. Ós rud é gur san Iodáilis a cuireadh cultúr na tíre in iúl riamh anall agus go bhfuil uathúlacht na dtáirgí agus na mbrandaí ag brath go mór ar an teanga, ‘is infheistíocht sa gheilleagar é an teanga a chosaint’, a deir sé.

Cé go n-aithníonn Ricciardi nach bhfuil an bille foirfe, meabhraíonn sé dá léitheoirí gur bille atá ann go fóill agus dá bharr sin gur féidir é a phlé agus a leasú sula ndéantar dlí de. Má tá cur agus cúiteamh stuama ann faoin gceist, a deir sé, seachas spochadh agus cáineadh neamhréasúnach, rachadh sé le rath na teanga agus na tíre araon.

Níos mó