Tá gearán oifigiúil déanta leis an Cheann Chomhairle faoi chaighdeán na bhfreagraí ar cheisteanna Dála a chuir Aire na Gaeltachta ar fáil.
An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a rinne an gearán mar gheall ar fhreagraí a fuair sé ar cheisteanna Dála faoi Údarás na Gaeltachta ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán, Catherine Martin.
I bhfreagra amháin, dúradh go raibh an t-eolas a bhí á lorg ag Ó Snodaigh “san áireamh” in achtanna éagsúla agus cuireadh na nascanna chuig na hachtanna ar fáil dó.
Sa litir ghearáin a cuireadh chuig oifig an Cheann Chomhairle, agus atá feicthe ag Tuairisc, maítear gur “cosúil” go mbíonn Roinn na Gaeltachta ag iarraidh ar an Teachta Dála na freagraí a “aimsiú” é féin.
“In áit faisnéis a thabhairt de réir mar atá iarrtha sa cheist, tá an Roinn ag iarraidh ar an Teachta freagra a aimsiú é féin,” a deirtear.
Maítear sa litir go bhfuil sárú déanta ag Roinn na Gaeltachta ar Bhuan-Ordú 54, reachtaíocht a bhaineann le ceisteanna agus freagraí Dála.
Faoin reachtaíocht sin, deirtear: “Le linn freagra a thabhairt ar Cheist a chuirfear tar éis fógra a thabhairt (bíodh sí i gcomhair freagra scríofa nó ó bhéal) nó ar shaincheist thráthúil, díreoidh comhalta den Rialtas ar gach uile iarraidh ar fhaisnéis a bheidh sa Cheist sin.”
I bhfreagra eile ar cheist inar lorg an Teachta Dála briseadh síos ar an mhaoiniú caipitil agus reatha a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta idir 1979 agus 2023, dúradh go raibh an t-eolas ar fáil “sna cuntais ábhartha leithreasa agus meastacháin” a leagtar faoi Thithe an Oireachtais gach bliain.
Mar chuid dá ghearán, chuir Ó Snodaigh ar fáil freagra a fuair sé ón Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ar cheist den chineál céanna. Sa cheist sin lorg sé briseadh síos ar mhaoiniú caipitil agus reatha Fhiontraíocht Éireann ó 1979 go dtí an lá inniu.
Dúirt Ó Snodaigh gur léiriú an freagra a fuair sé – briseadh síos i bhfoirm tábla ar an maoiniú gach bliain – ar “dhea-shampla” den eolas a chuireann ranna eile ar fáil.
Deirtear sa litir go bhfuil Ó Snodaigh ag súil le “réiteach” a fháil ar an fhadhb seo, agus go meabhródh an Ceann Comhairle “do Ranna Rialtais gur gá dóibh freagra a thabhairt seachas treoir a thabhairt cén áit ina bhféadfar dul sa tóir ar fhreagra”.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal.