Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
cluiche-ceannais-na-heireann-bainte-amach-aris-ag-ath-cliath-agus-muineachan-saraithe-le-dua-acu

Cluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag Áth Cliath agus Muineachán sáraithe le dua acu

Áth Cliath 1-17 Muineachán 0-13

Tá peileadóirí Átha Cliath ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le trí bliana tar éis dóibh teacht slán ó ghéarchoimhlint le Muineachán i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí dua go leor ag baint leis an mbua ach tugadh spléachadh freisin ar an mianach atá i bhfoireann na príomhchathrach, foireann a bhfuil go leor acu agus a bpócaí lán de bhoinn uile-Éireann .

Choinnigh Muineachán lena gcéilí comhraic d’fhormhór an chluiche agus gan níos mó ná cúpla pointe eatarthu don chéad uair an chloig. Conor McManus – cé eile? – a thug Muineachán ar ais ar comhscór, 0-12 an taobh, lena dhara phointe as a chéile ach bhí freagra Átha Cliath ar fheabhas.

Bhuaigh siad seilbh ó chic amach Stephen Cluxton, chuaigh Brian Fenton ar ruathar faoi Ardán Uí Ógáin agus Gary Mohan á leanúint. Thit Fenton go talamh ach bhí sé ar ais ar a chosa ar an bpointe boise, chas sé isteach i dtreo na bpostaí agus bhí Áth Cliath chun tosaigh arís laistigh de 30 soicind.

Chuir Áth Cliath brú damanta ar Mhuineachán ansin agus iad ag iarraidh an liathróid a thabhairt amach, ghéill Stephen O’Hanlon cic saor agus shlánaigh Paul Mannion é. Brúadh suas arís, chuir Rory Beggan ceann díreach isteach i láimhe imreoir Átha Cliath i lár páirce agus tar éis dóibh pasanna a bhabhtáil, aimsíodh Jack McCaffrey i spás agus chuir seisean iarracht eile thar an trasnán le cúnamh an chuaille. Fágadh Áth Cliath 0-15 in aghaidh 0-13 chun tosaigh agus an ghaoth bainte go hiomlán as seolta Mhuineacháin.

Laghdaigh Jack McCarron an bhearna sa 66ú nóiméad le scór deas ach is ar éigean gur chruthaigh Muineachán aon deis san am a bhí fágtha agus scóráil Fenton cúilín eile agus tháinig Dean Rock isteach le 1-1 a scóráil in am cúitimh, an cúl ag teacht ó phas iontach ó Con O’Callaghan, chun cuma na maitheasa a chur ar chlár na scór.

Pointe amháin chun tosaigh a bhí Áth Claith ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-7, agus gaiscí Cormac Costello ba chúis leis an mbearna bheag sin. Ba é an lántosach an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc sa chéad leath agus sé phointe aimsithe aige agus bheadh Áth Cliath i dtrioblóid mhór murach é.

Cormac Costello. Pic: INPHO/Bryan Keane

Shocraigh Muineachán isteach sa chluiche tapa go leor agus cé go raibh mí-ádh orthu le roinnt iarrachtaí (bhuail siad an cuaille faoi dhó agus bhí cúpla iarracht eile blocáilte ag cosantóirí Átha Cliath) bheadh na hUltaigh sásta go maith lena dtaispeántas sa chéad leath. Fuair Gary Mohan, Stephen O’Hanlon agus Michael Bannigan pointí deasa agus fuair Rory Beggan trí chic 45 méadar. Seans nach mbeidh siad sásta gur éirigh le hÁth Cliath an tréimhse 10 nóiméad gan Niall Scully, ar taispeánadh cárta dubh dó, a bhuachan 0-4 in aghiadh 0-3. áfach.

Bhíothas ag fanacht ar rúid ó Áth Cliath théis leath ama, mar a tharla in aghaidh Mhaigh Eo, ach níor tháinig sí agus baineadh laoch na himeartha an lá sin, Colm Basquel, den pháirc tar éis 43 nóiméad. Is faoi na seanfhondúirí a bhí sé an ceann seo a bhuachan ach b’shin díreach a rinne sin, mar rinne siad oiread sin uaireanta roimhe seo.

Níos luaithe sa lá, thug contae na Mí Corn Tailteann leo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar chontae an Dúin. Farasbarr sé phointe a bhí ag fir na Mí ar deireadh, 2-13 in aghaidh 0-13, agus cúl Jack O’Connor ag fíor-dheireadh na himeartha ag déanamh cinnte den bhua.

Imeoirí na Mí ag ceiliúradh a mbua. Pic: INPHO/Bryan Keane

Ba iad an bheirt Jack ar fhoireann na Mí, mac Uí Chonchúir agus Jack Flynn, ba chúis le casadh na taoide agus ba thráthúil gur acusan a bhí an focal scoir, Flynn ag briseadh amach ón gcosaint leis an liathróid in am cúitimh nuair a bhí an Dún sa tóir ar chúl. Thug Flynn pas do O’Connor chun an cúl a fháil, cúl a bhí mar sméar mhullaigh ar an lá don Mhí.

Ba iad gaiscí na beirte a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a bhí ag féachaint ar an gcluiche seo, ceann nach raibh thar moladh beirte ar feadh thréimhsí fada. Chuir an dá fhoireann scata iarrachtaí amú, go háirithe sa chéad leath, ach d’athraigh cúrsaí don Mhí nuair a chuir O’Connor iarracht ghleoite thar an trasnán chun an Mhí a chuir pointe chun tosaigh, 1-6 in aghaidh 0-8, théis 50 nóiméad.

D’aimsigh O’Connor scór den scoth eile ocht nóiméad ina dhiaidh sin nuair a d’fhág sé triúr cosantóirí ina dhiaidh ach bhí Jack Flynn díreach chomh cruinn leis agus ceithre phointe den scoth faighte aige nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Choinnigh pointí ó Pat Havern an Dún i bhfoisceacht trí phointe don Mhí ach ní raibh siad in ann an cúl a thabharfadh ar comhscór iad a fháil. Bhí lagiarracht ag Shealan Johnston sa 55ú nóiméad agus deis eile ag Andrew Gilmore sa 67ú nóiméad ach bhí lántosach na Mí, Matthew Costello, san áit cheart chun cos a chur leis an liathróid agus í a ghlanadh amach.

Jack Flynn na Mí ag ceiliúradh. Pic: INPHO/Bryan Keane

Bhí na foirne cothrom ag leath ama, 1-3 ag contae na Mí agus 0-6 ag an Dún,. An Dún a chuir tús níos fearr leis an gcluiche ach bhí an t-ádh ar na Laighnigh leis an gcúl a fuair siad luath sa chéad leath sin nuair a chríochnaigh an liathróid san eangach tar éis di Ronan Jones í a bhualadh agus gan mórán fios aige cá raibh sí tar éis d’iarracht Jack Flynn an cuaille a bhualadh.

Ní raibh an t-ádh céanna ar fhir an Dúin a chuir roinnt iarrachtaí ar chúil amú . Dá mbeadh an sprioc aimsithe ag Liam Kerr díreach roimh leath ama, d’fhéadfadh go mbeadh toradh difriúil ann ach níor aimsigh agus is faoin mbeirt Jack a bhí sé an cluiche a bhaint don Mhí ina dhiaidh sin.

Níos mó