Tá iarrtha ag Aire na Meán ar Ard-Stiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, labhairt go poiblí an tseachtain seo chugainn faoin “bearna mhór” idir RTÉ agus an pobal.
Bhí cruinniú inniu ag Aire na Meán agus na Gaeltachta, Catherine Martin, leis an ardstiúrthóir nua, le Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord RTÉ agus le Adrian Lynch, an t-ardstiúrthóir gníomhach chun plé a dhéanamh ar chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte.
I ráiteas a chuir sí amach i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Aire na Meán gur chuir sí in iúl do lucht RTÉ nach raibh sí sásta in aon chor leis an tslí a bhfuil eolas faoin scannal á thabhairt don Oireachtas agus don phobal beagán ar bheagán.
Dúirt sí gur buille eile don chraoltóir é go raibh blúirí eolais á dtabhairt ó lá go lá faoin scéal agus go raibh “dochar as cuimse” déanta do RTÉ ag an gcur chuige sin.
Cruinniú macánta oscailte a bhí ann, a dúirt Catherine Martin.
Dúirt sí gur chuir sí in iúl do lucht RTÉ go raibh imní mhór uirthi faoin dochar a bhí déanta ag an gconspóid do mheanma na foirne agus don chaidreamh idir an craoltóir agus an tOireachtas.
Dúirt an tAire leis an ardstiúrthóir, atá ag tosú Dé Luain seo chugainn, go bhfuil sé an-tábhachtach go n-athródh sé láithreach an “cultúr” agus an caidreamh idir an fhoireann agus an feidhmeannas agus an bord.
Bhí díomá ar an Aire, a dúirt sí, faoin easpa plé a bhí ag an bhfeidhmeannas leis an bhfoireann le coicís.
Chuir sí fáilte roimh an scéala go mbeidh bainisteoirí sinsearacha RTÉ ag lucht cheardchumainn amárach chun géarchéim an chraoltóra a phlé.
Dúirt Aire na Meán gur taibhsíodh di gur tús a bhí ann le ré úr fiúntach in RTÉ.
Dúirt sí gur thug sí le fios don ardstiúrthóir nua go gcaithfeadh sé labhairt go poiblí Dé Luain faoin deighilt a bhí cruthaithe idir RTÉ agus a lucht féachana.
An chéad chúram a bheidh ar an gcéad ardstiúrthóir eile ná athstruchtúrú a dhéanamh ar bhord feidhmiúcháin RTÉ.
Chualathas a thuilleadh sonraí ag Coiste Oireachtais na Meán tráthnóna inné faoin gconspóid faoi chúrsaí rialachais in RTÉ a d’eascair as scéal na n-íocaíochtaí ceilte a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.
Dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh, gur dóichí ná a mhalairt go dtiocfadh a thuilleadh sonraí faoi scéal amach sa tréimhse amach romhainn.
Dúirt sí gur chóir gurbh é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a dhéanfadh maoirseacht ar chúrsaí airgeadais an chraoltóra phoiblí i ndiaidh an scannail arb é “an eachtra ba mheasa i stair RTÉ gan aon dabht”.