Agus dochtúir teaghlaigh nua á lorg d’Inis Mór deir Oifigeach Pleanála Teanga an oileáin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh muintir Árann in ann seirbhís sláinte a fháil trí Ghaeilge.
Tá próiseas earcaíochta ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun comharba a fháil ar an Dr Marion Broderick, a d’éirigh as le gairid tar éis di breis is dhá scór bliain a chaitheamh mar dhochtúir teaghlaigh ar Inis Mór.
Deir Marion Ní Mhaoláin, Oifigeach Pleanála Teanga Árann, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an gcéad dochtúir teaghlaigh buan eile a bheidh ar an oileán chun go mbeifear in ann cumarsáid cheart a dhéanamh le pobal an oileáin. Mura mbeidh Gaeilge ar a t(h)oil ag an té a cheapfar, is féidir leo ranganna a dhéanamh ar an oileán, a dúirt sí.
“Tá sé tábhachtach go mbeadh muintir an oileáin – go mórmhór iad siúd atá ag dul in aois agus gurbh í an Ghaeilge a gcéad teanga – in ann a gcuid cúraimí agus riachtanais sláinte a phlé go héasca agus gan bacanna teanga a bheith i gceist,” a dúirt Ní Mhaoláin le Tuairisc.
“Anois agus Plean Teanga i bhfeidhm ar na hoileáin, bheadh fáilte is fiche roimh dhochtúir ar bith a bheadh ag feidhmiú in Árainn, agus nach mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu, clárú le haghaidh ranganna Gaeilge de chuid Phleanáil Teanga Árann.
“Bhí foghlaimeoirí ó chuile cheard den tír agus den domhan, ar leibhéil éagsúla, cláraithe le haghaidh na ranganna i mbliana agus tá súil ag an Oifigeach Pleanála Teanga gur mar sin a bheas sna blianta amach romhainn.”
D’éirigh an Dr Marion Broderick as mar dhochtúir teaghlaigh an oileáin ag deireadh mhí Bealtaine agus tá dochtúir ionaid faighte chun a háit a thógáil go dtí go gceapfar duine buan.
“Tá dochtúir ionaid faighte trí Ghníomhaireacht Dochtúra Ionaid chun áit [an Dr Broderick a thógáil] agus iarrachtaí ag leanúint ar aghaidh chun Dochtúir Teaghlaigh a earcú faoi Scéim Ghinearálta na Seirbhísí Sláinte,” a dúirt urlabhraí de chuid an FSS. “Tá an tAltra Cleachtaidh agus an Rúnaí Cleachtaidh a d’fhostaigh an Dr Broderick coimeádta chun tacú leis an dochtúir ionaid.”