D’fhéadfadh gur ag éirí níos deighilte faoi cheist na Gaeilge atá pobal an Tuaiscirt, de réir pobalbhreith nua.
Léiríonn an phobalbhreith náisiúnta a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, go bhfuil móramh sa Tuaisceart ar son níos mó a dhéanamh do chur chun cinn cearta teanga.
52% de rannpháirtithe an tsuirbhé a dúirt go gcaithfear “níos mó oibre a dhéanamh chun tuiscint agus feasacht ar chearta na Gaeilge a mhéadú ó thuaidh”.
Méadú ab ea é sin ar an 46% de dhaoine a dúirt amhlaidh nuair a cuireadh an t-ábhar céanna faoi bhráid an phobail in 2020 do shuirbhé eile a rinneadh do Chonradh na Gaeilge.
Ach má tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a thacaíonn le cearta teanga, tá méadú freisin tagtha ar líon na ndaoine a deir nár cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do na cearta sin.
De réir na bpobalbhreitheanna, tháinig méadú chomh maith idir 2020-2023 ar líon na ndaoine a d’easaontaigh leis an áiteamh gur cheart níos mó a dhéanamh ar son cearta teanga agus tháinig laghdú mór ar líon na ndaoine a thug le fios nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
37% de dhaoine a thug le fios sa phobalbhreith is déanaí nach raibh siad ar son breis tacaíochta a thabhairt do chearta teanga, méadú ó 30% in 2020 agus léiriú, b’fhéidir, go bhfuil an pobal níos deighilte faoin gceist ná mar a bhí.
11% nár thug aon tuairim faoi cheist na gcearta agus na feasachta teanga sa phobalbhreith nua, i gcomparáid le 25% in 2020, léiriú eile, b’fhéidir, go bhfuil daoine ag éirí níos diongbháilte ina gcuid tuairimí faoi cheist na Gaeilge.
Le trí bliana anuas bhí cás na Gaeilge agus cearta teanga lucht na Gaeilge go mór i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas ar son reachtaíocht teanga nua. Ba mhinic ceist na teanga ina cnámh spairne idir polaiteoirí sa tréimhse sin, agus an DUP go háirithe naimhdeach go maith agus iad ag cur i gcoinne éilimh phobal na Gaeilge ar a gcearta.
Bhí an deighilt chéanna le feiceáil sna torthaí a bhí ar cheist eile faoi chomharthaí sráide sa phobalbhreith nua.
52% a d’aontaigh leis an áiteamh go gcuirfeadh logainmneacha dátheangacha ar chomharthaí leis an tuiscint atá ag daoine ar an “oidhreacht chomhroinnte ó thuaidh”.
Méadú ab ea é sin ar an 46% de dhaoine a dúirt amhlaidh nuair a cuireadh an t-ábhar céanna faoi bhráid an phobail in 2020 do shuirbhé eile a rinneadh do Chonradh na Gaeilge.
Ach bhí méadú i gceist chomh maith ar líon na ndaoine a thug le fios sa phobalbhreith nua nár aontaigh siad leis an áiteamh faoi na comharthaí. 40% de dhaoine sa phobalbhreith nua a dúirt nár fhéach siad ar an dátheangachas ar chomharthaí mar shlí le cur le tuiscint daoine ar an oidhreacht choiteann atá acu, méadú ó 30% in 2020.
Ach oiread le ceist na gceart teanga, tháinig méadú mór chomh maith ar líon na ndaoine a thug le fios nach raibh aon tuairim acu bealach amháin nó eile faoi cheist na gcomharthaí.
8% de dhaoine nár nocht aon tuairim faoin scéal sa phobalbhreith nua, i gcomparáid le 25% in 2023.
Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.
I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde, bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.
Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.