Beidh Donald Trump os comhair na cúirte arís roimh dheireadh na míosa, agus cás coiriúil á thabhairt ina aghaidh den cheathrú huair le cúig mhí.
Sa chás is déanaí tá an t-iaruachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá cúisithe in iarracht a dhéanamh torthaí thoghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal in Georgia.
Tá tugtha go dtí meán lae an 25 Lúnasa do Trump é féin a thabhairt ar láimh do na húdaráis in Fulton County, Georgia.
Deineadh Trump agus 18 comhghleacaí leis a dhíotchúiseamh. Séanann Trump an 13 cúis atá curtha ina leith, ina measc cambheartaíocht agus cur isteach ar thoghchán.
Deir Trump, atá ina rogha láidir na coitiantachta d’ainmniúchán na bPoblachtánach do thoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn, gurb amhlaidh go bhfuil géarleanúint á déanamh air ag a naimhde polaitiúla.
I mí Feabhra 2021 a chuir an t-ionchúisitheoir in Georgia, Fani Willis tús le fiosrúchán faoi líomhaintí go ndearna Trump agus a chomhghleacaithe iarracht cur isteach ar an toghchán.
I ndiaidh an toghcháin, rinne Trump iarracht brú a chur ar cheannairí i stáit chinniúnacha bua Joe Biden a chur ar ceal.
I gcás Georgia, ghlaoigh Trump ar an rúnaí stáit Brad Raffensperger chun a éileamh air dóthain vótaí a “aimsiú” a chuirfeadh bua Biden ar ceal.
Ar na daoine eile a bhfuil cúiseanna coiriúla á gcur ina leith in éineacht le Trump tá a iardhlíodóir Rudy Giuliani, agus Mark Meadows, iarcheann foirne sa Teach Bán.
Tá na cosantóirí, a ndéantar cur síos orthu sa chás mar “eagraíocht choiriúil”, cúisithe as “dul i mbun comhcheilge d’aon turas agus dá dtoil féin chun toradh an toghcháin a athrú go mídhleathach ar mhaithe le Trump”.
Cuirtear i leith Trump gur sháraigh sé reachtaíocht Georgia in aghaidh na cambheartaíochta, gur iarr sé ar oifigeach poiblí a mhionn a bhriseadh, gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun brionnú a dhéanamh, go ndearna sé ráitis bhréige agus gur chuir sé cáipéisí bréige ar fáil.
Ag tús na míosa seo, phléadáil Trump neamhchiontach sna cúisimh a cuireadh ina leith i gcás coiriúil eile sa gcúirt dúiche in Washington.
Cuireadh ina leith sa chúirt gur bheartaigh sé torthaí thoghchán 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht sa Teach Bán.
Dhá mhí ó shin a rinneadh Trump a dhíotchúiseamh in Miami Florida agus cúiseanna á gcur ina leith go ndearna sé míláimhseáil ar cháipéisí rialtais nuair a d’fhág sé an Teach Bán.
Rinneadh díotchúiseamh eile air san earrach maidir le hairgead a íocadh le haisteoir mná roimh thoghchán 2016 le cos a bhualadh ar an gcaidreamh collaí a deir sí a bhí aici leis.