Is gá a aithint go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte chomh dáiríre céanna le fadhbanna sláinte fisiciúla
Michelle Nic Pháidín
De réir alt a foilsíodh ar na mallaibh san Irish Independent níl páistí agus déagóirí atá ag streacháilt le cursaí meabhairshláinte ag fáil an chúraim chéanna trasna na tíre.
Go leor de na daoine óga i gcodanna áirithe den tír a chuirtear ar aghaidh chuig na seirbhisí meabhairshláinte poiblí, ní fhaigheann siad coinne.
Níl cothrom na Féinne ann do chách más rud é go bhfuil seirbhís ar bith ag brath ar thíreolaíocht. Anuas ar an donas sin, is méasa ar fad an cás má bháineann sé leis an mheabhairshláinte, go háiríthe meabharshláinte páistí agus déagóirí.
Dar le hurlabhraí Shinn Féin ar an mheabhairshláinte, Mark Ward, go bhfuil dochtúirí teaghlaigh ag cur páistí ar aghaidh chuig gníomhaireachtaí éagsúla eile agus iad ag déanamh a seacht ndícheall cúram a fháil do na páistí.
I bhfreagra a chuir an tseirbhís ar fáil don nuachtán, dúradh nach bhfuil an tseirbhís fóirsteanach ach do líon iontach beag ógánach.
Dúirt siad gur gá go mbeadh deacaireachtaí meabhairshláinte measartha nó dáiríre ag an ógánach sula mbeadh dualgas orthu cúram a chur ar fáil dóibh.
Mheas siad gur thart ar 2% d’ógánaigh an líon a mbeadh an tseirbhís oiriúnach dóibh. Dúradh chomh maith go ndíríonn siad ar chásanna dáiríre i dtosach baire agus go mbíonn éifeacht aige seo ar an líon atá ag fanacht.
Tá ciall leis an chur chuige sin ach céard iad na seibhisí atá ann le cuidiú le hóganaigh agus leis na daoine atá i bhfeighil orthu sula dtéann na cásanna chun olcais? An bhfuil gá le banaltraí agus comhairleoirí a bheith i dteach na scoile le dul i ngleic leis an fhadhb? Tháinig ardú suntasach ar líon na n-ógánach a bhíonn ag fulaingt le fadhbanna meabhairshláinte le linn na paindéime – an bhfuil tuilleadh seirbhisí curtha ar fáil ó bhí an t-ardú sin ann? Muna bhfuil, beidh fadhbanna níos tromchúisí ann amach anseo.
Is cinnte go bhfuil an t-ábhar ina chnámh spairne ag dochtúirí agus iad ag iarraidh cuidiú le tuismitheoirí agus le daoine óga atá in ísle brí.
Féadaim a rá nach inniu ná inné a thosaigh deacaireachtaí sa chóras meabhairshláinte do dhéagóirí agus do pháistí.
Samhlaigh go mbeadh fadhbanna meabhairshláinte ag páiste s’agat agus go bhfuil ort iad a thabhairt chuig an dochtúir le cuidiu a fháil dá bharr.
Smaoinigh ar an chéad chomhrá a bheadh agat le do pháiste, ar cé chomh doilligh is a bheadh sé na focail chearta a roghnú agus ansin nuair atá an t-éacht sin déanta agat agus tú i ndiaidh dul chuig an dochtúir, nach bhfuair tú coinne ar bith leis an tseirbhís.
Ní hamháin go mbeadh tusa go mór trína chéile ach bheadh ort smaoineamh an athuair ar an chomhrá a bheadh agat nó nach mbeadh agat leis an ógánach.
Nuair atá duine imníoch fá shláinte ógánaigh is olc i ndáiríre an cás é – is cuma cé acu beag nó mór an cheist sláinte.
Nuair atá rudaí bunoscionn sa bhaile bíonn impleachtaí aige sin ar do shaol agus ar shaol an teaghlaigh i gcoitinne. Seans go mbeadh brú ar na caidrimh agus ar fhadhbanna a bhí ann cheana féin.
Is méasa i bhfad an cheist má thiteann an t-ógánach isteach le droch-chairde, isteach i saol na ndrugaí, nó go dtosaíonn siad ag ól.
Sílim féin gur cheart dul i ngleic leis an fhadhb chomh luath agus is féidir, ní nuair atá rudaí ag dul chun siobarnaí.
Tá an rud céanna amhlaidh fá do shláinte fhisiciúil: muna dtugann tú aghaidh ar an fhadhb in am réasúnta éireoidh sé níos méasa. Tá seans ann go mbeidh céatadán áirithe de líon na n-óganach nach bhfaigheann an cuidiú atá de dhith orthu ag dul trí chóras na cúirte sna blianta amach romhainn, agus is é an Stát féin, agus an cáiníocóir, a bheadh ag díol as na costais bhreise a bhaineann leis. Go minic cluintear daoine ag gearán faoi dhaoine a fhaigheann cúnamh dlí agus go bhfuil siad ag tarraingt as póca na gcáiníocóirí ach ní mar sin a fheicimse an cás ar chor ar bith: má chuireann an Stát an cuidiú ceart ar fáil in am, ní bheidh an fhadhb sa todhchaí chomh holc.
Tá réitigh éagsúla ar an scéal afách. D’iarr an Teachta Ward go gcuirfí córas triáiseála i bhfeidhm – is cinnte go ndéanfadh sin difear de chineál inteacht. Tuigim go bhfuil na seirbhisí meabhairshláinte faoi bhrú agus níl an locht ar na hoibrithe féin agus iad fágtha le ganntanas airgid agus bal foirne.
Ach dá mbrisfeach duine óg a chos, an mbeadh air fanacht ar feadh míonna le go mbeadh sé curtha ina cheart? Ní bheadh.
Tá fadhbanna meabhairshláinte chomh dáiríre céanna le fadhbanna fisiciúla ach is cosúil nach n-aithnítear é go foill – caithfear sin a athrú.