Beidh suíochán breise ag Éirinn do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa mí an Mheithimh seo chugainn.
14 seachas 13 feisire Eorpach a bheidh ag Éirinn i ndiaidh an chéad toghcháin eile.
Meastar gur i dToghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt a bheidh an suíochán breise, rud a dhéanfadh toghlach cúig shuíochán de.
Faoi na socruithe nua, beidh dhá shuíochán bhreise ag an bhFrainc, an Spáinn agus an Ísiltír.
Suíochán breise amháin a bheidh ag Éirinn, an Ostair, an Danmhairg, an Bheilg, an Pholainn, an Fhionlainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Laitvia.
Chinn an Chomhairle Eorpach líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa a mhéadú ó 705 go 720 don chéad téarma reachtach eile.
Líon na suíochán
- An Bheilg +1 [22]
- An Danmhairg +1 [15]
- Éire +1 [14]
- An Spáinn +2 [61]
- An Fhrainc +2 [81]
- An Laitvia +1 [9]
- An Ísiltír +2 [31]
- An Ostair +1 [20]
- An Pholainn +1 [53]
- An Fhionlainn +1 [15]
- An tSlóivéin +1 [9]
- An tSlóvaic +1 [15]
Vótáil an Pharlaimint ar son na n-athruithe. 515 feisire a bhí ar a son, 74 a vótáil ina gcoinne agus shocraigh 44 feisire staonadh.
Le linn na díospóireachta roimh an vótáil, cháin Feisirí áirithe an iarracht, a deir siad, a rinne an Chomhairle cur isteach ar fheidhmeanna buiséid agus neamhspleáchas na Parlaiminte.
Déantar comhdhéanamh na Parlaiminte a mheas roimh gach toghchán, bunaithe ar na staidrimh is déanaí faoin daonra. Leagtar amach sna conarthaí gur 750 Feisire (agus an tUachtarán) an t-uasmhéid atá ceadaithe sa pharlaimint. Ní foláir sé shuíochán ar a laghad a bheith ag gach ballstát agus ní ceadmhach níos mó ná 96 suíochán a bheith ag aon tír.