Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
teorainneacha-gaza-dunta-i-gconai,-an-ghearcheim-dhaonnuil-ag-dul-in-olcas

Teorainneacha Gaza dúnta i gcónaí, an ghéarchéim dhaonnúil ag dul in olcas

| Tuairisc.ie | ,

Níl aon stad leis na hionsaithe aeir atá á ndéanamh ar Gaza ó ionsaí Hamas ar Iosrael agus tá muintir Gaza ag rith amach as bia, uisce agus earraí leighis

Teorainneacha Gaza dúnta i gcónaí, an ghéarchéim dhaonnúil ag dul in olcas

Ag dul in olcas atá an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza agus leathmhilliún duine teite óna mbailte i dtuaisceart an cheantair.

Dúirt rialtas Iosrael nárbh fhíor go raibh sos cogaidh i ndeisceart Gaza fógartha acu le go mbeifí ábalta cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach agus le go mbeadh deis ag roinnt daoine fágáil.

Tá idirbheartaíocht fós ar siúl maidir le cabhair dhaonnúil a ligean isteach sa cheantar faoi léigear.

Níl aon stad ar na hionsaithe aeir atá á ndéanamh ar Gaza agus tá muintir an cheantair ag rith amach as bia, uisce agus earraí leighis.

Agus trúpaí Iosrael ag bailiú le chéile timpeall ar Gaza agus ag fáil faoi réir d’ionradh talún. Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden gur “botún mór”  a bheadh ann dá ndéanfadh Iosrael iarracht an ceantar a fhorghabháil an athuair.

Idir an dá linn, deir údaráis mhíleata Iosrael gur 199 duine atá á gcoinneáil ina ngialla in Gaza, níos mó ná an 155 a tuairiscíodh roimhe seo. Fuadaíodh na daoine seo nuair a rinne Hamas ionsaí thar an teorainn ar Iosrael breis is seachtain ó shin, ionsaí inar maraíodh breis is 1,400 duine.

Dúirt aireacht sláinte na Palaistíne inniu gur maraíodh 2,750 duine agus gur gortaíodh 9,700 duine eile in ionsaithe díoltais Iosrael.

Tuairiscítear go raibh na haerionsaithe aréir ar na cinn is measa ó thosaigh an choimhlint deich lá ó shin agus gur maraíodh 450 duine in Gaza sa bhabhta ionsaithe is déanaí sin.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil dian-idirbheartaíocht ar siúl acu ar mhaithe le teacht i gcabhair ar mhuintir Gaza.

Shéan Príomh-Aire Iosrael agus Hamas gur tháinig an dá thaobh ar chomhréiteach faoi shos cogaidh a cheadódh do dhaoine éalú isteach san Éigipt thar bhealach Rafah agus cúnamh daonnúil a thabhairt isteach an bealach céanna.

Tá na mílte cruinnithe gar do Bhealach Rafah agus iad ag súil teitheadh ó Gaza sula gcuirfidh Iosrael tús leis an ionradh talún a shíltear a bheith beartaithe aige go luath.

Is in olcas atá an teannas ag dul chomh maith ar theorainn thuaidh Iosrael leis an Liobáin. Agus é ina imní go bhféadfadh go scaipfeadh an cogadh, d’fhógair Iosrael go raibh roinnt pobal a raibh cónaí orthu laistigh de dhá chiliméadar de theorainn na Liobáine á n-aistriú amach.

Níos mó