Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tionchar-rithabhachtach-na-cuilte-i-sochai-an-lae-inniu

Tionchar ríthábhachtach na cuilte i sochaí an lae inniu

| Dáithí Anraí |

Insíonn Dónall Mac Giolla Chóill dúinn faoi thábhacht na cuilte i ré seo na meán sóisialta, nó rud inteacht mar sin…

Tá leathuair ó shoin agus mé ag athrú an chlúdaigh ar chuilt mo leapa, saothar nár thóg ann féin thar trí ceathrú uaire orm, rith sé liom go raibh seanchuimhne agam.

Seanchuimhne a chuir aoibh ainimh ar m’aghaidh.

Bíodh sé fíor nó ina bhréag, cuimhním siar ar na 1990í gur thairig ollscoil inteacht thall i Sasana cúrsa a chur ar fáil faoin bhealach is fearr le clúdach do chuilte a athrú ar an dóigh ab fhusa is ab éifeachtaí.

Sílim gur bhain sé le haeraidinimicí, réaltfhisic theoiriciúil, teoirim dheiridh Fermat, roinnt uimhreacha Fibonacci agus cé acu an raibh duine muinteartha ar bith agat as ceachtar acu seo, Bun an Leaca nó Glais Dobhair Chú.

Dá mba rud é gurbh as ceachtar den dá bhaile sin thú, chuirfeadh an ollsoil na cuilteanna ar fáil.

I ndiaidh domh an jab a dhéanamh ansin, fiú agus mé gan cháilíocht, ná píosa páipéir le cur in iúl go húdarásach i nGaeilge, Béarla agus Laidin go raibh mé oillte sa cheird, rith sé liom go mbéinnse féin iontaofa leis an chúrsa a theagasc, ag leibhéal inteacht.

Níor gortaíodh duine nó ainmhí fiú agus mé ag cleachtadh mo cheirde.

I ndiaidh domh an eachtra eachtúil udaí a chur tharam, agus gan oiread agus bualadh bos a fháil, nó a iarraidh ar dhuine, Dia nó deoraí, shuigh mé síos le go mbeadh deoch cheiliúrtha bhainne the agam.

Mar sin de, a chairde, seo chugaibh laoch an scéil seo, scéal a chuirfeadh aiféala ar Fhionn Mac Cumhaill, agus a d’fhágfadh ag diúl na hordóige é mar a bheabh babaí beag ann.

Chuala mé cling bheag dhamanta ansin a thugann le fios domh go bhfuil duine bocht inteacht ag iarraidh teagmháil a dhéanamh liom. Bhí sé damanta luath, a mheabhraigh mé domh féin, roimh fhreagairt,  agus róghasta ag Coiste Dhuaiseanna Nobel a bheith sa tóir orm – ní raibh seans agam go fóill luí faoin chuilt, agus ná bí ag deanamh trácht ar phiarmheasanú!

Ar an drochuair faraor, an uair seo cibé ar bith, chan Coiste Nobel ó Stócólm a bhí ann, chan é, ach mo dhuine, eagarthóir an tsuímh seo, tá a fhios agat an t-ainm, c’ainm seo tá orthu, tá a fhios agat, tá sé ar bharr mo ghoib agam, tiocfaidh mé air, ach is cuma.

Mo dhuine a bhí ann cibé, agus ábhar buartha s’acu tráthnóna lár seachtaine ná rud inteacht a chonaic siad scríofa áit inteacht.

Arsa mise liom féin agus leis an chat, shílfeá i ndiaidh 10 mbliana, go mbeadh siad ag dul i dtaithí ar an fhocal scríofa agus clóite faoin am seo.

Iontas na n-iontas ní cruth na bhfocal a raibh siad ag cur sonrú ann, ach an leagan amach, an struchtúr a bhí leo os comhair á gcuid súl.

“Abairt,” arsa Mac Giolla Chóill leo.

 “Caidé sin a déir tú linn?” arsa siad.

“Abairt atá ann sin,” arsa mé féin go foighdeach leo, “tuigim daoibh, gur rud measartha nua atá ann daoibh, nua ar an fhód nuair a chuireann tú ársaíocht an tsaoil i gcomparaid leis.”

Cibé ar bith, i ndiaidh cur agus cúiteamh measaratha leadránach, d’fhiafraigh mé díobh caidé – mar a déarfadh m’aintín Biddy Sheáin, go ndéana Dia a mhaith uirthi, caidé go díreach a bhí ag cur ‘hait’ orthu.

Anois, ciallaíonn an focal áirithe sin – i gceantar áirithe ar a dtugtar Mín an Chladaigh, agus tú ag tiomaint ar an bhóthar, ar thaobh na láimhe clí den bhóthar sin agus tú ag tarraing siar ar Chnoc Fola agus, go bhfoire Dia orainn, baile eile atá réamhluaite – ciallaíonn sin, caidé atá: ag déanamh buaireamh duit, ag déanamh tinneas duit, ag cur isteach ort, atá d’annoyáil, do bhothereáil srl.

De réir cosúlachtaí, le scéal fada a dhéanamh níos faide, tá ollscoil inteacht thíos tíre ag tairscint cúrsa, cúrsa tríú leibhéal muna miste leat, ‘The Bachelor of Arts in Content Creation and Social Media’, a thugann siad air.

Anois a léitheoir go leathdhíl, cloisim sibh ag rá libh féin, mar go bhfuil éisteacht den scóith agam – cad chuige nár chuir Mac Giolla Chóill Gaeilge ar theideal an chúrsa?

Bhuel, le Gaeilge a chur air, bheadh orm Béarla a chur air ar dtús.

Mar sin, d’fhiafaigh na rógaírí seo ar an fón agam, mo bharúil faoin chúrsa seo.

Dúirt mé leo nach raibh aon bharúil reatha agam faoi, go raibh rudaí níos troime ag cur ‘hait’ orm an tráthnóna áirithe seo, luach uibheacha circe mar shampla.

Ar scor ar bith, bhí mo sháith ráite agam faoi chúrsaí meán sóisialta, agus an focal scoir seolta ar na fíréin agam in alt a foilsíodh mí Lúnasa anuraidh dar teideal “Na meáin ar líne: neamhbhuan agus neamhiontaofa le hais na seanré”, agus ó tharlá gur ríshóiléir nár bhac an Bord Eagarthóireachta á léamh an chéad iarraidh a foilsíodh é, go gcuirfinn cóip eile faoina mbráid.

Rinne mé bagairt go mbeidh ceisteanna bunaithe ar an anailís sin ar pháipéar scrúdaithe na Nollag.

Chuir mé ar a súile dóibh nach bhfuil aon suim nó cur amach agam ar na meáin shóisialta.

Ach, arsa siad, tá cuntais Facebook, Instagram, agus X/Twitter agat, agus ar a bharr sin chonacthas dúinn go raibh TicTok agat ar feadh seal gairid.

D’admhaigh mé féin go raibh agus go bhfuil an méid sin amhlaidh, ach dúirt mé leo nach n-úsáidim iad ach go spárálach agus go hannamh.

Tá cairde agam a bhfuil gunnaí acu, ach ní fheiceann tú iad sin amuigh seacht lá na seachtaine ag scaoileadh thart orthu, an bhfeiceann?, arsa mise leo.

Le neart plámáis, dúirt siad liom go mbéinn go maith ina bhun.

D’admhaigh mé féin, leis an umhlaíocht sin atá á cleachtadh go dianchoinsiasach agam le sé bliana agus daichead, gur cinnte go mbéinn, ach gur ‘ar fheabhas’ an focal ceart don abairt sin.

Bheadh neart leantóirí agat, a chuir siad in iúl dom, bheadh an tús lag, ach nach mbíonn gach aon tús lag.

Tús lag arsa mise, thoisigh ár Slánaitheoir le dosaen leantóir, agus amharc an áit ar fhág sin é.

Léirigh siad nár thuig siad mo pharabal, mar a déarfadh an Biddy Sheáin thuas luaite.

Bhí airsean dhul fríd ifreann lena leantóirí a mhéadú, agus i ndiaidh breis agus dhá mhíle bliain sa phost céanna tá se go fóill ag leibhéal an leas-príomhfheidheamanaigh le freagracht as tae, caife agus brioscaí don seomra foirne.

Ní bheadh suim ag duine ar bith in imeachtaí laethúla s’agamsa a dúirt mé leo, agus mé ag inse na bréige is mó a d’inis mé an tseachtain seo.

Mhaígh siad gur a mhallairt a bheadh fíor.

Dúirt mé leo sa deireadh go raibh mé i bhfad róghnóthach tabhairt faoi chúrsa ollscoile, gan iomrá ar aon chuid de na meáin shóisialta.

Chinnigh mé múineadh a chur orthu, mar bhí mise – agus tá mé cinnte go bhfuil tusa – ag éirí bréan den aimidí seo acu.

Tharraing mé chugam féin mo dhialann agus d’oscail mé gnáthlá lár seachtaine, agus léigh mé sliocht dóibh.

Tús an lae, 3i.n. Bricfeasta, 4:30i.n. dhá uair go leith curtha in áirthe le haghaidh cos an mhadaidh a thógail agus é a leagan síos arís, 7:55i.n. scairt phráinne curtha ar chara liom féachaint an mbeadh an t-eischeadúnas foscailte go dtí a 9 a’ chlog Déardaoin le haghaidh dinnéir. 3:00r.n. a luí, cinneadh déanta clúdach na cuilte a athrú go luath. 3:23r.n. thiontaigh ar chlé sa leaba, tochas beag srl…

Dhiúltaigh mé glan amach dhul ar cúrsa dá leithéid, nó aon baint nó páirt a bheith agam sna diabhal meáin shóisialta.

Arsa mise leo, mar fhocal scoir, dúirt mé leo nach ndéanfadh an cúrsa seo capal rás den asal seo, agus go dtiocfadh leo síoda a chur ar ghabhar, ach gur Mac Giolla Chóill i gcónaí é.

D’fhág sin ina dtost iad, tá mé a rá leat.

Níos mó