Deir beirt as gach cúigear gur mó seans go gceannódh siad táirge nó seirbhís ó chomhlacht a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina chuid fógraíochta ná ó cheann nach mbaineann úsáid as an teanga, dar le suirbhé nua.
Léiríonn torthaí ó thaighde atá déanta ag Gaelchultúr go bhféadfadh úsáid na Gaeilge a bheith chun leasa comhlachtaí a bhaineann úsáid aisti ina gcuid fógraíochta agus margaíochta.
Thug 26% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirge a bhí fógartha trí Ghaeilge i gcomparáid le ceann nár bhain úsáid as an teanga.
Léirigh an taighde go raibh tionchar níos mó ag margaíocht trí Ghaeilge ar dhaoine óga. Dúirt 36% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé agus a bhí faoi 35 bliain d’aois go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirgí a raibh margaíocht déanta orthu trí Ghaeilge. 29% díobh siúd idir 35-44 a dúirt ar rud céanna.
Léirigh an suirbhé freisin gur ghlac tromlach daoine – 73% – gur táirge Éireannach nó táirge a thagann as an gceantar a bhíonn i gceist nuair a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an lipéadú nó ar an fhógraíocht.
Ghlac 1,000 duine páirt sa suirbhé a rinne an comhlacht Amárach do Ghaelchultúr.
Ní raibh Gaeilge ar bith nó ní raibh ach cuid an bheagáin di ag breis is leath díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé ach thug 59% de fios gur thaitin sé leo nuair a bhaineann comhlachtaí úsáid as an nGaeilge ina gcuid margaíochta agus fógraíochta.
Deir Gaelchultúr go léiríonn torthaí an tsuirbhé seo an luach tráchtála a leagann tomhaltóirí ar an nGaeilge ó thaobh cúrsaí brandála agus margaíochta.