Údar mór díomá í “an mhoill” le soláthar na seirbhísí bus breise atá geallta idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua agus Leitir Mealláin, dar leis an iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.
“Tá téarma amháin eile tosaithe sna coláistí tríú leibhéal agus tá na hoibrithe ar fad ag dul ar ais ag obair tar éis saoire an tsamhraidh agus fós tá muintir dheisceart Chonamara ag brath ar bhus amháin ag a 6.00pm tráthnóna siar ó Chnoc na Cathrach.
“Tá dul chun cinn déanta leis an gcás ach tá sé sin déanta ag luas seilide. Tar éis os cionn bliana d’aontaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair clár nua ama le Bus Éireann agus tuigim anois go bhfuil na socruithe maidir le hacmhainní daonna a ndéanamh anois.”
Dúirt Ó Cuív go “gcoinneodh” sé air “ag brú na ceiste seo”.
“Tá roinnt nithe eile ardaithe liom maidir leis an tseirbhís seo. Ar an gcéad dul síos ní thagann an chéad bhus go Gaillimh ar maidin in am do dhaoine atá ag dul chuig léachtaí luatha i GMIT agus freisin níl na seirbhísí díreacha ó GMIT agus go GMIT le bheith ann níos mó.”
Dúirt Ó Cuív freisin gur “scannal” iad na táillí bus a ghearrtar ar an tseirbhís seo agus ar sheirbhísí tuaithe eile ar fud na tíre.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh glactha ag an gcomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le gnóthaí tuaithe lena iarratas go scrúdófaí an cheist seo san fhómhar.