Dúshlán as an ngnáth le sárú ag Gael as Béal Feirste – ionad aclaíochta a bhunú i gcampa Palaistíneach
Tá dúshlán as an ghnáth le sárú ag Gael as Béal Feirste – ionad aclaíochta a bhunú i gCampa Aida ar an Bhruach Thiar sa mheán-oirthear.
Tá sé i gceist ag Ainle Ó Cairealláin, bunaitheoir na spórtlainne aitheanta ACLAÍ i gcathair Chorcaí, trealamh giom ar fiú €30,000 míle é a thabhairt ón Ghearmáin go dtí campa teifeach Palaistíneach sa Bhruach Thiar.
Fiontar bliana atá i gceist le bunú an ionaid aclaíochta, a mhínigh Ó Cairealláin do Tuairisc.ie, agus tá “baol mór” ann go gcuirfidh údaráis Iosrael bac air.
Dúirt Ó Cairealláin, a tógadh le Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, go raibh “dúshlán mór le sárú” chun an trealamh, a ceannaíodh ó chomhlacht spóirt sa Ghearmáin, a fháil a fhad le Campa Aida, atá lonnaithe dhá chiliméadar ó Bheithil.
Is í an bhuairt is mó atá ar Ó Cairealláin go gcuirfeadh lucht custaim Iosrael bac air an trealamh a thabhairt isteach chuig an champa, a bhfuil beagnach 5,500 Palaistíneach ag maireachtáil ann.
Anuraidh thug Ó Cairealláin faoi dhá thuras chuig Campa Aida, agus “suim aige tuilleadh a fhoghlaim faoi chás mhuintir na Palaistíne”.
“Tá an campa ar thalamh na Palaistíne agus á riaradh ag údaráis na Palaistíne agus is minic a dhéanann saighdiúirí Iosrael ruathair faoin áit.
“Obair dheonach a thug anonn go dtí an campa ar dtús mé agus ba sa champa féin a spreagadh mé chun giom a bhunú a bheadh ag teacht le héiteas agus leis an chur chuige atá againn in ACLAÍ,” a dúirt sé.
Ba bhreá le Ó Cairealláin go mbeadh cead ag gach duine, fir agus mná, óg agus aosta, an giom a úsáid, cé go n-aithníonn sé go mbeadh “dúshlán ar leith” i gceist i bpobal Moslamach.
€33,000 a bhailigh Ó Cairealláin don ionad aclaíochta sa Phalaistín. Reáchtáil sé feachtais éagsúla, ina measc Go Fund Me, margadh ‘Pop Up’ d’earraí lámhdhéanta ón Phalaistín agus ceolchoirm mhór ‘Gym Jam’, a mheall leithéidí Moxie, Nuadán agus Kneecap, an grúpa rapairí as Béal Feirste a bhfuil a dheartháir Naoise, ’Moglaí Bap’, ina bhall de.
Dúirt Ó Cairealláin, a bhí ina thraenálaí láidreachta d’fhoireann shinsir peile Chorcaí, go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh an t-ionad aclaíochta leis an chaighdeán saoil atá ag daoine i gCampa Aida.
“Cluineann tú faoi na mór-rudaí, an smacht atá ag Iosrael ar an uisce, an cosc ar thaisteal, ach d’fhoghlaim mé faoi rudaí eile. Tá eipidéim brú fola agus leibhéal an-ard diaibéitis i measc na ndaoine atá ag cur fúthu sa champa, a bhaineann le bochtanas agus leis an tráma a thagann as a bheith ag maireachtáil faoi riail mhíleata,” a dúirt sé.
Má éiríonn le hiarrachtaí Uí Chairealláin an trealamh a thabhairt isteach, beidh an t-ionad aclaíochta á bhunú san Ionad Cultúrtha i gcampa Aida, ionad a chuir an Chultúrlann in iarthar Bhéal Feirste i gcuimhne dó.
“Tá sé dochreidte cé chomh cosúil leis an Chultúrlann atá an t-ionad cultúrtha i gcampa Aida. Bhí achan sórt imeachtaí, ócáidí cultúrtha, ranganna ceoil agus drámaíochta á reáchtáil ann díreach mar a bhíodh againn sa Chultúrlann. Ar ndóigh, tá muintir an champa ag maireachtáil faoi smacht uafásach na forghabhála,” a dúirt sé.
Thug Ó Cairealláin suntas ar leith do dhearcadh na ndaoine sa champa, nach dteastaíonn aon “carthanacht” uathu.
“Tá siad ag iarraidh ar chuairteoirí idirnáisiúnta a thagann chuig an champa aird a thabhairt ar an rud a fheiceann siad agus an scéal a scaipeadh nuair a philleann siad na bhaile. Níl siad ag lorg carthanachta nó ag súil le ‘great white hope’, tá cuidiú uathu chun saol neamhspleách a thógáil dóibh féin,” a dúirt sé.