Tá díomá agus míshástacht léirithe ag lucht an Ghaeloideachais agus lucht pleanála teanga nár chuir an Roinn Oideachais aon ábhar a bhaineann le hathoscailt scoileanna ar fáil i nGaeilge do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an scéal á fhiosrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga.
Deir Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, gur údar “díomá” é gur cuireadh “ábhar ríthábhachtach” maidir le hathoscailt scoileanna ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i mBéarla amháin.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Dónal Ó hAiniféin, atá ina phríomhoide ar Ghaelscoil, go bhfuil “tuilleadh oibre, brú agus strus” ar phríomhoidí i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta mar gheall nach bhfuil treoracha agus eolas riachtanach de chuid na Roinne Oideachais maidir le hathoscailt scoileanna agus Covid-19 ar fáil i nGaeilge.
“Is ábhar tábhachtach atá ann do thuismitheoirí agus do phobal scoile ach anuas air sin, tá ar na scoileanna polasaithe a chur le chéile bunaithe air. Má tá an scoil le dul i mbun oibre ar an ábhar seo, tá orthu tabhairt faoin aistriúchán iad féin agus ní aistritheoirí sinn.”
I measc an ábhair a sheol an Roinn Oideachais chuig scoileanna na tíre i mBéarla amháin, tá dréachtphlean maidir le filleadh sábháilte chun na scoile, treoir do thuismitheoirí a bhfuil páistí le riachtanais speisialta acu agus eolas nua do lucht bainistíochta scoile faoi chúrsaí earcaíochta.
Dúirt Ó hAiniféin go raibh foirne agus pobal na scoile i nGaelscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge “thíos leis” toisc nach bhfuil “ábhar riachtanach” á chur ar fáil ag an Roinn Oideachais sa dá theanga.
“Is sampla eile é de chur chuige na Roinne Oideachais ábhar atá tábhachtach agus atá riachtanach agus atá dírithe ar mhúinteoirí agus ar phobal scoile a chur ar fáil i mBéarla do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Gaeilge.
“Tá COGG ag éileamh ar an Roinn de shíor an t-ábhar seo a bheith ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla,” a dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG.
Dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin, go bhfuil an eagraíocht “an-mhíshásta” toisc príomhoidí agus lucht bainistíochta a bheith ag brath ar ábhar i mBéarla amháin.
“Cé go dtuigimid an brú atá ar an Roinn Oideachais i láthair na huaire tá muid an-mhíshásta go bhfuil doiciméid shuntasacha curtha amach acu i mBéarla amháin, go háirithe ábhar a bhaineann le fostaíocht múinteoirí, an próiseas agallaimh agus an tionchar atá ag Covid-19 air sin.
“Ní ceart go mbeadh ar scoileanna eolas a chur amach i mBéarla nó a aistriú go Gaeilge maidir le próiseas earcaíochta do mhúinteoirí nua-cháilithe.”
Dúirt Ó hArgáin go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” nach mbeadh scoileanna ag obair “go haonarach” ar ábhar a aistriú agus gur cheart go gcuirfí aon eolas riachtanach faoi athoscailt scoileanna ar fáil i nGaeilge do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta “láithreach”.
Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Dónal Ó Cnáimhsí, go bhfuil gearáin faighte aige ó phríomhoidí i nGaeltacht Dhún na nGall, a bhfuil “fearg” orthu faoin scéal.
“Tá sé scannalach agus náireach go bhfuil an Roinn Oideachais go fóill ag brú an Bhéarla ar scoileanna Gaeltachta agus iadsan ar a ndícheall an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm,” a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais faoin scéal.