Deir an Roinn Sláinte go mbeadh sé “místuama” aon leasú a dhéanamh ar Theastas Digiteach COVID an AE a thugann le fios i nGaeilge go bhfuil Covid-19 ar an té a bhfuil sé ina sheilbh aige.
Pléadh inniu ag Comhchoiste Sláinte an Oireachtais an praiseach a rinneadh de litriú ainmneacha Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE nuair a lorg an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee freagraí faoin scéal ó státseirbhísigh sinsearacha.
Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil go raibh daoine “trí chéile” mar gheall ar an bpraiseach a deineadh dá n-ainmneacha agus mhol sí go mbunófaí líne chabhrach ar leith dóibh le go bhféadfaí a dteastais a cheartú go pras.
Tharraing an Seanadóir aird chomh maith ar an scéala nár aistríodh go Gaeilge ar chor ar bith ocht líne ar an Teastas Digiteach Covid agus dúirt sí gur beag ciall a bhí le cuid den mhéid a aistríodh.
Mháigh sé gurb í an bhrí a bhainfí as cuid áirithe den aistriúchán Gaeilge ná go raibh Covid-19 ar an té go raibh an teastas aige seachas go raibh vacsaín faighte aige ina aghaidh.
‘Galar a ghnóthaigh an duine seo (SARS-CoV-2 nó ceann dá leaganacha)’ an Ghaeilge a cuireadh ar an teastas ar ‘Disease or agent targeted: COVID-19 (SARS-CoV or one of its variants)’.
Dúradh i dTithe an Oireachtais inniu gur fút féin atá sé tabhairt faoi d’ainm a cheartú ar do Theastas Digiteach COVID má deineadh praiseach den Ghaeilge air.
Mháigh Príomhoifigeach Eolais Sheirbhís Eolais an Rialtais, Barry Lowry, go raibh fadhb na n-ainmneacha “réitithe anois” ach go gcaithfeadh aon duine ar deineadh praiseach dá ainm toisc síneadh fada a bheith ann glaoch ar an ngnáth-líne chabhrach a bunaíodh do dhaoine atá ag iarraidh dul ag taisteal ach a bhfuil deacrachtaí acu maidir leis an teastas.
Ní raibh an Seanadóir Clifford-Lee sásta ar chor ar bith leis an bhfreagra sin.
“Ní féidir glacadh leis sin beag ná mór mar ní hiad na daoine seo a rinne an botún agus níor cheart go mbeadh orthu dua a chur orthu féin chun bhur mbotún a chur ina cheart,” arsa an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil.
Dúirt Príomhoifigeach Eolais Sheirbhís Eolais an Rialtais nach bhféadfaí a aithint cérbh iad na daoine ar deineadh praiseach dá n-ainmneacha.
Dúirt sé gur bhain cuid den fhadhb le heolas mícheart a bheith curtha isteach sa chóras ag dochtúirí ach go raibh fadhb eile ann a tharla nuair a bhí comhaid á n-ullmhú i gcomhair priontála.
Dúirt Barry Lowry go bhfiosrófaí an scéal sa chás go n-inseodh duine dóibh go raibh botún ina n-ainmneacha.
Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee nár leor mar fhreagra an méid sin agus gur chóir líne chabhrach ar leith a bheith ann i bhfianaise “a shuaite” is a bhí daoine faoin scéal agus mar gheall ar an “dímheas damanta” a léiríodh “don chéad teanga náisiúnta”.
Ghabh Muiris O’Connor, Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, leithscéal thar ceann na Roinne sin faoi ainm an Stáit – ‘Éire’ – a bheith mícheart ar na teastais. Dhéanfaí an botún áirithe sin a cheartú go huathoibríoch nuair a chuirfí an teastas ar fhón póca, a dúirt sé.
Dúirt Muiris O’Connor go mbeadh sé “místuama” an teastas a athrú anois mar go raibh sé in úsáid ar fud na hEorpa.
Nuair a dúradh leis gur sárú ar an reachtaíocht a bhí ann gan an t-eolas go léir ar an teastas a bheith aistrithe go Gaeilge, dúirt an Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte go bhféachfaí “ar cad a d’fhéadfaí a dhéanamh” ach go mbeadh “go leor ceisteanna” ann faoi aon leasú a dhéanamh.
Mháigh sé go raibh “a balance of Irish and English” ar an teastas.
Dúirt an Seanadóir Clifford Lee gur pléadh ceist na Gaeilge ar na teastais roinnt míonna ó shin.
“Nach bhfeiceann tú an botún mór atá déanta anseo?’ a d’fhiafraigh sí.
D’fhiafraigh sí chomh maith de na státseirbhísigh fáil amach di conas go raibh an t-aistriúchán Gaeilge ar an bhfoirm “chomh holc is a bhí”.
Mheas Muiris O’Connor, Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, sé gur comhlacht seachtrach a rinne an t-aistriúchán ach dúirt sé go dtiocfaí ar ais go dtí an Seanadóir le freagra na ceiste sin agus le freagra faoi na ceisteanna eile a bhí aici.
Fianaise atá sna Deimhnithe Glasa Digiteacha go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19, nó go bhfuil toradh tástála diúltach faighte aige, nó go bhfuil deimhniú aige go bhfuil sé tagtha chuige féin ó Covid-19.
Beidh ar dhaoine an pas seo a thaispeáint agus iad ag taisteal thar lear nó ag dul ag ithe laistigh i mbialanna agus tábhairní.