![](/wp-content/themes/yootheme/cache/5a/Seoladh-Leabhar-Pluid-Image-5a71ff0f.jpeg)
Seoladh Leabhar ‘Pluid’ le hEoghan MacCormaic
Seoladh Leabhar ‘Pluid’ le hEoghan MacCormaic
@ Aonach Mhacha
Seachtain na Gaeilge le Energia SeoladhBhuaigh 'Pluid, Scéal na mBlocanna H 1976-81' duais Oireachtas na Gaeilge don saothar do dhaoine fásta i 2021, agus tá sé ar na foilsiú anois ag Coiscéim. Sna léirmheasanna a scríobh moltóirí an Oireachtais don leabhair dúirt siad:
"Insint eisceachtúil ón taobh istigh atá anseo a chuirfidh le taifead stairiúil agus lenár dtuigbheáil ar an tréimhse agus ar tharla inti. Tá ardmholadh tuillte ag an údar as saothar tábhachtach a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge"
"Fríd an scéal uilig, léirítear spiorad na gcimí ar bhealach neamh-mhaoithneach. Baineann an t-údar úsáid as greann agus tá stíl tharraingteach scríobhnóireachta aige a mheallann an léitheoir isteach sa phríosún leis".
Chaith an t-údar 1960 lá ar an agóid, 1580 ar an phluid agus 380 lá eile ar stailc oibre. Scaoileadh saor é as na Blocanna i 1991 i ndiaidh 15 bliana faoi ghlas. 40 bliana i ndiaidh na n-agóidí, seo an chéad uair go bhfuil scéal na mBlocanna H á insint as Gaeilge.
Beidh cóipeanna ar fáil ag an seoladh, agus ar fáil anois chomh maith ar www.pluid.ie