Oíche cheoil is Slamfhilíochta sa Díseart, An Daingean – Le Colm Mac Gearailt, Niamh Varian Barry agus aoifhilí.
Oíche cheoil is Slamfhilíochta sa Díseart, An Daingean – Le Colm Mac Gearailt, Niamh Varian Barry agus aoifhilí.
@ An Díseart, An Daingean, Co.Chiarraí
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínOíche cheoil is Slamfhilíochta sa Díseart, An Daingean. 4 Márta 2022 - 8PM: Colm Mac Gearailt agus a chairde, le ceol ó Niamh Varian Barry.
AN ÓCÁID:
Oíche cheoil is filíochta sa Díseart.
Colm Mac Gearailt, an file ó bhéal, a bheidh mar Fhear an Tí. Le ceol víóla ó Niamh Varian Barry, agus aoi-fhilí speisialta: Siobhan Ní Dhomhnaill agus Darragh Ó Caoimh.
Ag tosnú ar 8 a chlog sa tSeomra Fresco.
Ócaid saor in aisce, mar chuid de #Snag22, le clabhsúr a chur ar thréimhse Choilm mar Fhile Chónaitheach an Dísirt.
Urraithe ag Ealaín na Gaeltachta, An Comhairle Ealaíne, An Díseart, Tobar Dhuibhne, Údarás na Gaeltachta agus Seachtain na Gaeilge, le Energia.
Beidh sóláistí ar fáil ina dhiaidh.
Cláraigh don ócáid ag www.eventbrite.ie/e/oiche-cheoil-is-slamfhiliochta-4-marta-8-pm-an-diseart-dingle-tickets-287788582397
Fáilte roimh chách ar an oíche.
#SnaG22
Beatháisnéisí:
Colm Mac Gearailt:
Tá Colm Mac Gearailt ina fhile cónaitheach sa Díseart ó Mheán Fómhair 2021. File ó bhéal, aisteoir agus staraí ó Chorca Dhuibhne is ea Colm. Tá a shaothar léirithe aige ag oícheanta filíochta is féilte timpeall na tíre: ina measc Electric Picnic, Other Voices, Féile Litríochta Idirnáisiúnta Átha Cliath agus Féile Liú Lúnasa, Béal Feiriste, inar bhain sé an chéad áit amach i gcomórtas Slam Filíochta na Féile 2019.
Niamh Varian Barry:
Is seinnteoir víóla, víolín agus amhránaí aitheanta í Niamh Varian Barry. Bhí sí mar an phríomh-víóladóir le Scoil Cheoil Chorcaí (CSM)agus le Acadamh Ríoga Cheoil na hÉireann (RIAM). Tá seinnte aici timpeall an domhain, ina measc, ag Carnegie Hall (Nua Eabhrac) an Forte di Fenestrelle (Turin), Seoul National Theatre, agus an Münich Philharmonic Hall, agus timpeall Mheiriceá Thuaidh le Comhaltas Ceóltóirí Éireann. Tá a saothar léirithe ar TG4, agus RTÉ. Tá sí mar cheannaire Orchestra leis an Irish Memory Orchestra, agus eisíodh a halbaim is déanaí, Wings, in 2018.
Siobhán Ní Dhomhnaill
File dhátheangach as Lios Tuathail is ea Siobhán. Tá MA bainte amach aici sa Dlí agus Gaelainn ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. D'fhoilsigh sí a céad cnuasacht filíochta 'Ait Iontach agus Bheith Beo' le Coiscéim in 2020, i ndiaidh di gradam a bhuachaint ag an Listowel Writers' Week, 2019 dá saothair. Ghlac sí páirt sa scéim Poetry Ireland 'Introductions' sa bhliain 202`1. Mar chuid de seo, foilsíodh dánta le Siobhán sa díolaim dhigiteach This is What You Mean to Me, le réamhrá ón bhfile aitheanta Seán Hewitt. Bhí ról lárnach aici ag Cúirt na Féile agus Poetry Towns Ireland in 2021.
Darragh Ó Caoimh.
File óg cumasach é Darragh Ó Caoimh. As Ceann Toirc i gContae Chorcaí ó dhúchas dó. Scoláire le Dlí is le Gaelainn is ea Darragh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ina bhfuil sé mar Oifigeach Gaeilge is Cultúr faoi láthair. Bhronn Roinn na Nua-Ghaeilge 'Duais Uí Longáin' air in 2019 dá shaothar filíochta agus thug sé duais Oireachtais leis an bhliain chéanna don dán is fearr faoi 21. Foilsíodh dánta leis in Comhar, Aneas, Motley, agus Tuathal. Tá a shaothar léite ag an bhféile litríochta CÚIRT, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar BBC Raidió Uladh.