Cnámh agus Smior na Filíochta Gaeilge – The Bone and Marrow of Irish Poetry
Cnámh agus Smior na Filíochta Gaeilge – The Bone and Marrow of Irish Poetry
Léacht nó CaintBeidh an ócáid seo ar siúl trí Ghaeilge agus Béarla / This event will take place through Irish & English
le Nuala Ní Dhomhnaill, Ola Majekodunmil, Alan Titley agus Jefferson Holdridge
Is de smior na Gaeilge í an fhilíocht. Ó ‘Pangur Bán’ ar aghaidh, téann an fhilíocht agus an chaint fhileata ó chnámh go smior agus ó smior go smúsach i gcultúr, i stair agus i dtraidisiún na Gaeilge. Nuair a théann cúis na hÉireann agus ceisteanna faoin tír agus faoin náisiúnachas go cnámh na huillinne, is minic an litríocht ina treoir agus ina slat tomhais. Sa chúirt filíochta seo sa Taibhdhearc, cloisfear Ola Majekodunmi, Aifric Mac Aodha agus Alan Titley ag léamh agus ag plé rogha agus togha na ndánta ó Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern, díolaim nua dátheangach ó Chló Ollscoil Wake Forest sna Stáit Aontaithe. Díolaim is ea í seo ina rianaítear stair na hÉireann ó theacht na Críostaíochta go dtí ré Covid 19 tríd an bhfilíocht agus tríd an amhránaíocht. Sna dánta seo, cloistear arís agus arís eile guth an ealaíontóra ag freagairt go hionraic, go samhailteach agus go macánta do cheisteanna agus do coimhlintí móra an tsaoil, bíodh na ceisteanna sin ag boilgearnach go háitiúil nó ag borradh aníos go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Tuilleadh eolais ag https://www.cuirt.ie/whats-on/cnamh-agus-smior-na-filiochta-gaeilge-the-bone-and-marrow-of-irish-poetry/