Stór focal don Ionad Oibre
Seo stór focal a bheadh úsáideach agus tú i mbun agallaimh nó i do shaol oibre. Cuirimid leis gach seachtain.
Íomhá | Leagan Gaeilge | Leagan Béarla |
---|---|---|
Deas casadh leat | Nice to meet you |
Is foghlaimeoir gasta mé | I am a fast learner |
An bhfuil aon aiseolas agaibh? | Do you have any feedback? |
Táimid ag dul i gcomhair deochanna iar-oibre | We’re going for after-work drinks |
Níl mo ríomhaire ag feidhmiú i gceart | My computer isn’t working properly |
An féidir feabhas a chur ar aon rud? | Can anything be improved? |
Tá mo ríomhaire reoite | My computer is frozen |
Gheobhaidh tú trí seachtaine saoire le pá | You’ll get three weeks’ paid leave |
Táim ag éirí as mo phost! | I’ve resigned from my job! |
Ba mhaith liom oibriú ón mbaile mar chianoibrí | I’d like to work remotely from home |
An bhfuil d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí ar eolas agat? | Do you know your PPS number? |
Cá bhfaighimid caipiteal tionscnaimh? | Where can we get start-up capital? |
Bím ag taisteal isteach agus amach | I commute |
Ní mór dúinn tosú ó bhonn arís | We’ll have to go back to the drawing board |
Ceapaim go bhfuil mo dhóthain déanta agam | I’m going to call it a day |
Caithfimid cúrsaí a phlé roimh an gcruinniú | We’ll need to touch base before the meeting |
Choinnigh mé ar an eolas, le do thoil | Please keep me in the loop |
Caithfimid é seo a scagadh go mion | We’ll need to go through this with a fine-toothed comb |
Abair amach é, le do thoil! | Cut to the chase, please! |
Bíonn súil againn ar an todhchaí i gcónaí | We’re always looking forward |
Is mithid an ceann a bhaint den scéal! | Time to get the ball rolling! |
Déanfaidh sé an próiseas ar fad níos éifeachtaí | It will streamline the whole process |
Ní mór dom cur le mo chuid scileanna | I need to upskill |
Beidh seisiún tobsmaointeoireachta againn | We’ll brainstorm |
Tugadh an bóthar dom | I was let go (sacked) |
Is réiteach é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann | It’s a win-win solution |
Caithfimid iarracht ar leith a dhéanamh | We’ll have to go the extra mile |
Tá éiginnteacht áirithe ag baint leis | It’s a bit of a grey area |
Níl sna praghsanna seo ach meastacháin | These prices are ballpark figures |
Is iomaí fadhb a bhí ann | It wasn’t all smooth sailing |
Beidh orainn tosú ón tús arís | We’ll need to go back to square one |
Scéal scéil atá agam air | I heard about it through word of mouth |
Ní mór é a cheartú láithreach | It needs to be corrected immediately |
Chuireamar tús lenár ngnó ar deireadh | We finally got our business off the ground |
Eagraíodh é ar bheagán airgid | It was organised on a tight budget |
Tá an cruinniú sa dialann go sealadach don lá amárach | The meeting is pencilled in for tomorrow |
Bíonn a ladar i ngach scéal aige | He has his finger in every pie |
Tá taithí mhaith aici | She brings good experience to the table |
An bhfuil gach duine in ann mé a chloisteáil? | Can everybody hear me? |
Is slí eile é le tabhairt faoi | It’s another way of going about it |
Caithfimid plean leanúnachais gnó a réiteach | We need a business continuity plan |
Níl aon rogha níos saoire ann | There are no cheaper alternatives |
Buailfimid le chéile arís an tseachtain seo chugainn | We’ll meet again next week |
Sin an scéal uile i mbeagan focal | That’s the situation in a nutshell |
Táim ag tnúth leis an turas lasmuigh den láthair oibre |
I’m looking forward to the offsite |
Níl ann ach an téacs a ghearradh agus a ghreamú | You only need to cut and paste the text |
Tá sé iontach ag tabhairt daoine leis | He’s quite the persuader! |
Is crá croí ceart é an maorlathas | The red tape is a real pain |
Caithfimid a bheith oscailte faoi | We must be transparent about it |
Dhéanfainn é sin agus mo dhá shúil dúnta | I’d do that with one hand tied behind my back |
Táimid ar comhthuiscint | We’re on the same page |
Níl a chuid oibre thar mholadh beirte | His work is far from satisfactory |
Cuirfimid feachtas fógraíochta ar bun | We’ll start an advertising campaign |
Conas is féidir linn airgead a shaothrú as? | How do we monetise it? |
Tá tú fós balbhaithe! | You’re still on mute! |
Is iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh le him! | More that one way to skin a cat! |
Is geall le scíth malairt oibre | A change is as good as a rest |