![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F08%2FCN_Insta_Assets-20.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=7a9f24b4)
CEOLCHOIRM AN AONAIGH le CEOLTÓIRÍ URMHUMHAN & MUINTIR UÍ CHONAILL
CEOLCHOIRM AN AONAIGH le CEOLTÓIRÍ URMHUMHAN & MUINTIR UÍ CHONAILL
@ Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge
Siamsaíocht Agus EalaínCuirfimid fáilte roimh cheoltóirí Urmhumhan.
Tá an ioliomad duaiseanna faighte ag Ceoltóirí Urmhumhan thar na blianta. Is í Liz Gaugin an stiúrthóir. As Leeds Shasana do Liz. Agus í ina cailín óg theadh sí go Club ina mbíodh ceol gaelach lena máthair. Thaitin sé go mór léi. Mhúscail sé suim inti chun bheith ag seinm, ag cleachtadh ceoil agus chun teacht go hÉirinn do na Fleadhanna Ceoil go bliantúil. Is ansin a bhuail sí lena fear chéile, ceoltóir eile, Brendan Quinn agus tá siad ag cur futhu in Aonach Urmhumhan ó shin.
Cuirfimid fíor chaoin fáilte leis roimh Mhuintir Uí Chonaill, as Rath Cairn, Co na Mí. Bhaineadar duaiseanna ag an Oireachtas sa Mhuileann gCearr le déanaí. Tháinig Aoife Ní Chonaill sa chéad áit don amhrán ar an sean nós. Bhí an chéad áit ag Sara Ní Chonaill do scéal a d’inis sí agus tá Kate go hiontach chun Cupán Tae a dhéanamh. Tá cónaí ar an triúr in Rath Cairn na Mí. Tagann Mamó amháin as Tuaim Uí Mheára.