![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F09%2FLiteartha-0122.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=0064cf9d)
Bronnadh na nDuaiseanna – Na Comórtais Liteartha 2022
Bronnadh na nDuaiseanna – Na Comórtais Liteartha 2022
@ Óstán Gleneagle
ComórtasTá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897, 125 bliain ó shin, agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.
Tríocha haon (31) comórtas a bhí ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus sé déag (16) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. Bronnfar duaischiste de €31,600 thar na comórtais uile.
Fógrófar na buaiteoirí ag an searmannas speisialta seo ag tús mhí na Samhna le linn Oireachtas na Samhna 2022 i gCill Airne, Co. Chiarraí.