IMLÉ & RÓISÍN SEOIGHE
IMLÉ & RÓISÍN SEOIGHE
@ Aonach Mhacha
Siamsaíocht Agus EalaínTá IMLÉ & Róisín Seoigh ag seinm in Aonach Mhacha i gcomhar le CAIRDE Teo ar an Sathairn 12ú Samhain ar 7pm!
Trip-hop, rac-cheol, ceol leictreonach, indie agus damhsa á léiriú trí Ghaeilge ag grúpa de na buíon cheoil is nuálaí in Éirinn.
Is buíon cheoltóirí faoi stiúir an cheoltóra agus léiritheora Cian MacCárthaigh IMLÉ agus bíonn ceoltóirí éagsúla ag casadh agus ag taifeadadh leo an t-am ar fad. Bíonn sé i gcónaí de rún acu stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh lena chéile agus rudaí éagsúla nuálacha a léiriú trí Ghaeilge. Tá an dara albam dá gcuid dar teideal FÁILTE ISTEACH ar fail anois. Ar FÁILTE ISTEACH tá ionchur MC Muipéad, Cian Mac Cárthaigh agus roinnt mhaith ceoltóirí úra le cluinstin ann, ina measc – Ríona Sally Hartman, Róisín Seoighe, Fergal Moloney agus Dave Hingerty. Rinne Karl Odlum agus Ross Whyte athmheascadh ar cúpla amhrán dá chuid fosta. Beidh Cian agus Róisín ar stáitse ar an 12ú Samhain ag casadh ceoil do chuid IMLÉ agus ceol do chuid Róisín í féin.
Is ceoltóir agus amhránaí nua-aimseartha í Róisín Seoighe as Conamara i gCondae na Gaillimhe. Aithnítear an cuid seánraí éagsúla ina cuid ceoil ina measc; pop, folk agus ceol tradisiúnta na hÉireann. Thosaigh Róisín amach sa saol mar amhránaí ar an sean nós agus cloistear gnéithe den stíl amhránaíochta seo fós ina ceol comhaimseartha. Tá sé mar aidhm ag Róisín stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh le chéile ar bhealach nach bhfuil cloiste riamh cheana, go háirithe as Gaeilge. Is amhráin féin chumtha ar fad a chasann sí agus is minic go ndéantar iniúchadh ar cúrsaí teanga, ár gcaidreamh leis an domhan atá thimpeall orainn agus ar dochais a aimsiú in éadóchais an t-saoil ina cuid amhráin.
Ticéid ar fáil anseo : https://cairdeteo.com/ga/events/imle-roisin-seoighe/