![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F05%2Fcnag-aiteach.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=e89f6e26)
CNAG: Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach
CNAG: Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach
@ Páirc Chearnóg Mhuirfean
Siamsaíocht Agus EalaínCeabairé aiteach Gaelach le ceol, filíocht agus taibhsiú eicléictiúil draig agus buirlisce. Beidh cúigear taibheoirí difriúla ann ag roinnt a gceirde linn. Maiden Voyage, taibheoir draig agus ceoltóir, a mbíodh an t-ainm Lila Lied orthu roimhe seo; TADHG, ceoltóir; Aurora Divine, taibheoir buirlisce; Eoin McEvoy, file; agus Ciara Ní É, file. Mairfidh an t-imeacht uair an chloig, ní bheadh sé oiriúnach do dhaoine faoi ocht mbliana déag d’aois agus is í an Ghaeilge teanga an imeachta.
Tá ticéid ar fáil ó shuíomh na féile ag an nasc seo: https://bit.ly/3IutF0c