![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F06%2FDianchursa.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=5af7ce02)
Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair
Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair
Ar líne RangTacaíocht den scoth do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
Cláraigí anois! www.cogg.ie/dianchursa/
Dianchúrsa COGG 2023, 14 - 18 Lúnasa
Reáchtálfar Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair do mhúinteoirí atá ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ón 14ú - 18ú Lúnasa i mbliana. Is deis iontach atá sa chúrsa seo do mhúinteoirí iar-bhunscoile chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus is deis tumtha sa Ghaeilge a bheidh ann do mhúinteoirí nach bhfuil chomh líofa sin sa teanga. Beidh na ranganna teanga ar siúl ar líne (á seachadadh ag Gaelchultúr do COGG) óna 9.30am – 1pm gach lá, ach is i gColáiste na Coiribe, Gaillimh, a bheidh buaichphointe an chúrsa, Saincheardlanna Ábhair, ar an 16ú Lúnasa.
Tá an cúrsa seo á reáchtáil ag COGG le cúig bliana déag anuas agus is í an eagraíocht Gaelchultúr, atá aitheanta as sárchaighdeán i dteagasc na Gaeilge, a sholathraíonn na ranganna Gaeilge ar gach leibhéal ó A2 go C1 ag brath ar éileamh ó na múinteoirí.
“Thug an cúrsa seo an-mhisneach dom,” a mhínigh múinteoir a rinne an cúrsa seo ar líne anuraidh “bhí na ranganna Gaeilge seo go hiontach ar fad mar bhíodar rangbhunaithe agus scoilbhunaithe agus bhíos ábalta dul isteach i rang a bhí díreach i gceart dom ag mo leibhéal féin. Bhí i bhfad níos mó muiníne agam ag teagasc trí Ghaeilge dá bharr Dhianchúrsa Gaeilge COGG”.
Ag caint ar thábhacht an Dianchúrsa, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG Jacqueline Ní Fhearghusa go bhfuil COGG an-sásta an cúrsa a mhaoiniú arís i mbliana. “Is tacaíocht thar a bheith luachmhar an cúrsa seo do phríomhoidí agus iad ag earcú múinteoirí nua don teagasc iar-bhunscoile trí Ghaeilge agus do mhúinteoirí a bhfuil taithí acu ag obair sa earnáil araon. Tugann an cúrsa deis do mhúinteoirí pleanáil don scoilbhliain nua, a bheith tumtha i dtéarmaíocht a gcuid ábhar, agus gan dabht, dea-chleachtais agus acmhainní a roinnt”.
Beidh lá mór Dhiancúrsa 2023 ar siúl i gColáiste na Coiribe, i gcathair na Gaillimhe ar an 16ú Lúnasa óna 9.30am - 3.30pm. Ar an lá seo, freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa ar shaincheardlanna ábhair, mar a mbeidh deis acu teacht le chéile le speisialtóirí ina gcuid ábhar agus dea-chleachtais agus acmhainní a phlé agus a roinnt. Leagann COGG an-bhéim ar fad ar fhorbairt ghairmiúil den sórt seo agus beidh an-tábhacht ag baint le forbairt agus buanú meithleacha ábhar don teagasc trí Ghaeilge i gclár oibre na Comhairle amach anseo. Tuilleadh eolais faoi anseo.
Tá an cúrsa seo maoinithe go hiomlán ag COGG agus á chur ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge. Cuirfear liúntas taistil agus cothabhála flaithiúil (160 euro) ar fáil go gach múinteoir chun freastal ar lá na gceardlann i nGaillimh.
Is féidir clárú don chúrsa ag www.gaelchultur.com/ga/cursai/dianchursa-cogg . Gach eolas ó aoife@cogg.ie