Lá Mór na Nollag
Lá Mór na Nollag
@ An Droichead
Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus EalaínBí linn le tús a chur le ceiliúradh na Nollag! Beidh lá mór speisialta againn do theaghlaigh in An Droichead lán le craic, ceol agus comhluadar! Beidh Daidí na Nollag ag bualadh isteach chomh maith le ceol ó DJ Gaelach agus stallaí do na tuismitheoirí. Tá an deis agaibh siúd a mbíonn ag bácáil sa bhaile na scileanna sin a léiriú agus páirt a ghlacadh inár gcomórtas císte na Nollag agus beidh duais ann don cheann is blasta!
Beidh Daidí na Nollag linn ó 13:00 - 14:30, saor in aisce do pháistí faoi aois 3 agus £5 do páistí thar aois 3. Leis sin, faigheann gach páiste bronntanas ó Dhaidí na Nollag chomh maith le grianghraif leis (seoltar seo amach chuig seoladh ríomhphost i ndiaidh na himeachta). Beidh deis ag na páistí litir a scríobh chuig Daidí na Nollag chomh maith agus iad ag fanacht agus sin a fhágáil leis.
Tuilleadh eolais ar fáil ó niamh@glornangael.ie