![](/wp-content/themes/yootheme/cache/9b/Sceitsi-Scailtin-Fiona-9b78f1f3.jpeg)
Sceitsí & Scailtín Fíona
Sceitsí & Scailtín Fíona
@ Raidió Fáilte
Seachtain na Gaeilge le EnergiaReáchtáladh imeacht speisialta ‘Sceitsí agus scailtín fíona (Sketches and Mulled wine)’ ag Raidió Fáilte mar cheiliúradh ar an Nollaig. Bhí an t-imeacht seo mar chuid de shraith imeachtaí a reáchtáil an tOifigeach Forbartha Gnó, Tara Ní Dhuibh. Dúirt sí gurb é sprioc na sraithe imeachtaí seo ná chun “deiseanna sóisialta a chruthú don phobal chun teacht le chéile lena gcuid Ghaeilge a chleactadh i suíomh suaimhneach. Tá na himeachtaí seo dírithe ar dhaoine beag beann ar leibhéal a gcuid Ghaeilge, chun teacht le chéile agus píosa ealaíne a dhéanamh, ionas go dtig leo saothar a chruthú a bhfuil siad bródúil as agus é a thabhairt chun an bhaile leo.”
Cuireadh tús leis an tsraith imeachtaí seo i lár an tsamhraidh mar chuid d’Fhéile an Phobail agus tugadh faoi deara go raibh suim mhór ag daoine freastal ar imeachtaí eile den tsaghas seo arís. Tá socraithe ag Raidió Fáilte go gcuirfear imeachtaí péinteála den chineál seo ar fáil ar bhonn níos minice amach anseo - go háirithe ag mórfhéilte na bliana.
Beidh an chéad cheann eile á reáctáil an 9ú Márta, 2024 idir 14:00 agus 16:30, ag déanamh céiliúrtha ar Lá Fhéile Pádraig, mar chuid d’Fhéile an Earraigh. Cuirfear fáilte roimh chách, moltar go láidir don lucht freastail clárú don imeacht roimh ré chun cathaoir a chur in áirithe trí Eventbrite agus foilseofar sonraí ina leith sin níos túisce do lá an imeachta féin.
Sonraí teagmhála: ofg@raidiofailte.com / +44(0) 28 9031 0013