![](/wp-content/themes/yootheme/cache/c7/Gairmeacha-le-Gaeilge-c7b911e2.png)
Srath seiminéar maidir le Gairmeacha le Gaeilge
Srath seiminéar maidir le Gairmeacha le Gaeilge
Léacht nó CaintAr smaoinigh tú riamh faoi bheith ag obair leis an nGaeilge?!
Tá srath seiminéar maidir le Gairmeacha le Gaeilge á reachtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le Roinn na Gaeltachta. Beidh cúig seiminéar ann, a bheidh beo ar Zoom gach Céadaoin ó 7-8in faoi théamaí deiseanna:
- Poist in Institiúidí an Aontais Eorpaigh (10/1/2024)
- Sa Státsheirbhís (17/1/2024
- An tSeirbhís Phoiblí 24/1/2024
- Róil Eile le Gaeilge (31/1/2024)
- Sna Meáin (7/2/2024)
Beidh aíonna ó na hearnálacha éagsúla linn do ghach ceardlann, agus iad ag plé an chineál oibre a dhéanann siad, a gconair gairme, agus an oideachais, taithí agus scileanna atá in oiriúint dá gcineál oibre. Tá na seiminéir in oiriúint d'éinne ata ag smaoineamh faoin mbreisoideachas, na poist gur mhaith leo amach anseo, nó conas post a bhaint amach in earnáil na Gaeilge.
Tá fáilte roimh chách agus is féidir teacht ar gach eolas agus clárú ag www.cnag.ie/gleg
Tá Gairmeacha le Gaeilge reáchtáilte mar chuid den obair 3ú Leibhéal atá ar bun faoin tionscadal Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Túrasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/01/Gairmeacha-le-Gaeilge.png)